#508234
Más rud é go bhfuil rannpháirtí margaidh, nó tríú páirtí atá ag gníomhú thar a cheann, córas tuairiscithe trádála, margadh eagraithe, córas meaitseála trádála, nó duine eile a shocraíonn idirbhearta go gairmiúil tar éis a chuid oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh i ndáil le húdarás inniúil i gcomhréir le Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais [8] nó i gcomhréir le reachtaíocht infheidhme de chuid an Aontais maidir le hidirbhearta díorthacha, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna trádála, ba cheart go measfaí go bhfuil a oibleagáid tuairiscithe comhlíonta freisin faoin Rialachán seo, ach sin go feadh an méid go bhfuil an fhaisnéis go léir is gá a thabhairt faoin Rialachán seo tuairiscithe, agus go feadh an méid sin amháin.
Where a market participant or a third party acting on its behalf, a trade reporting system, an organised market, a trade-matching system, or other person professionally arranging transactions has fulfilled its reporting obligations to a competent authority in accordance with Directive 2004/39/EC of the European Parliament and of the Council of 21 April 2004 on markets in financial instruments [8] or applicable Union legislation on derivative transactions, central counterparties and trade repositories, its reporting obligation should be considered fulfilled also under this Regulation, but only to the extent that all the information required under this Regulation has been reported.