#253185
Más rud é, in aon chaingean seachas caingean phrobháide, nach seirbheálfaidh an gearánaí fógra trialach laistigh de dheich lá tar éis an Chosaint a sheachadadh, féadfaidh an cosantóir, in ionad fógra trialach a sheirbheáil de réir na Rialach roimhe seo, a iarraidh ar an gCúirt an chaingean a dhíbhe d'uireasa í a thabhairt ar aghaidh, agus ar an iarratas sin a éisteacht féadfaidh an Breitheamh a ordú an chaingean a dhíbhe dá réir sin, agus féadfaidh sé cibé ordú eile is cóir leis a dhéanamh, agus ar cibé téarmaí is cóir leis.
If the plaintiff, in any action other than a probate action, does not within ten days after the delivery of the Defence serve notice of trial, the defendant may, in lieu of serving notice of trial in accordance with the preceding Rule, apply to the Court to dismiss the action for want of prosecution, and on the hearing of such application the judge may order the action to be dismissed accordingly, and may make such other order, and on such terms, as to him may seem just.