#3236512
Ba cheart gurb iad cuspóirí ginearálta na Saoráide inter alia cabhrú leis an Úcráin aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha, síceolaíocha agus comhshaoil an chogaidh; rannchuidiú leis an atógáil, lena n-áirítear téarnamh síochánta, atógáil shíochánta, athbhunú síochánta agus nuachóiriú síochánta na tíre; comhtháthú sóisialta agus críochach, athléimneacht dhaonlathach, eacnamaíoch, chomhshaoil, a chothú, agus lánpháirtiú céimnitheach san Aontas agus sa gheilleagar domhanda agus sna margaí domhanda mar aon le cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil aníos i dtreo chaighdeáin an Aontais, agus an Úcráin a ullmhú le haghaidh ballraíocht san Aontas amach anseo trí thacú lena próiseas aontachais.
The general objectives of the Facility should be, inter alia, to assist Ukraine to address the social, economic, psychological and environmental consequences of the war; to contribute to the reconstruction, including the peaceful recovery, reconstruction, restoration and modernisation of the country; to foster social and territorial cohesion, democratic, economic, environmental resilience, and progressive integration into the Union and global economy and markets, as well as an upward economic, social and environmental convergence towards Union standards, and to prepare Ukraine for future Union membership by supporting its accession process.