Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

62 toradh in 31 doiciméad

  1. #2985414

    Dá bhrí sin, maidir le cuar réamhcheaptha LIBOR 3 mhí le haghaidh na saolré den dliteanas sin atá fágtha, a fhad nach dtiteann sé faoi bhun 20 bonnphointe, tá an athraitheacht sreafa airgid chéanna ag an mír fhálaithe agus atá ag dliteanas a shaothraíonn ús ar LIBOR 3 mhí le raon difríochta nialasach nó dearfach.

    Hence, as long as the three-month LIBOR forward curve for the remaining life of that liability does not fall below 20 basis points, the hedged item has the same cash flow variability as a liability that bears interest at three-month LIBOR with a zero or positive spread.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #2985415

    Maidir le cuar réamhcheaptha LIBOR 3 mhí le haghaidh na saolré den dliteanas sin atá fágtha (nó cuid de), má thiteann sé faoi bhun 20 bonnphointe, áfach, tá athraitheacht sreafa airgid níos lú ag an mír fhálaithe ná atá ag dliteanas a shaothraíonn ús ar LIBOR 3 mhí le raon difríochta nialasach nó dearfach.

    However, if the three-month LIBOR forward curve for the remaining life of that liability (or a part of it) falls below 20 basis points, the hedged item has a lower cash flow variability than a liability that bears interest at three-month LIBOR with a zero or positive spread.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #2985417

    Má dhíolann eintiteas an amhola sin faoi chonradh ag úsáid foirmle praghsála conarthaí a shocraíonn an praghas in aghaidh na bairille ar an bpraghas amhola tagarmhairc lúide AA10 le híosráta de AA15, féadann an t-eintiteas an athraitheacht fhoriomlán sreafa airgid faoin gconradh díolacháin atá inchurtha i leith an athraithe ar an bpraghas amhola tagarmhairc mar an mhír fhálaithe.

    If an entity sells that crude oil under a contract using a contractual pricing formula that sets the price per barrel at the benchmark crude oil price minus CU10 with a floor of CU15, the entity can designate as the hedged item the entire cash flow variability under the sales contract that is attributable to the change in the benchmark crude oil price.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #2985419

    Dá bhrí sin, a fhad nach dtiteann an praghas réamhcheaptha (le haghaidh gach seachadta) faoi bhun AA25, tá an athraitheacht sreafa airgid chéanna ag an mír fhálaithe agus atá ag an bpraghas amhola tagarmhairc (nó le raon difríochta dearfach).

    Hence, as long as the forward price (for each delivery) does not fall below CU25, the hedged item has the same cash flow variability as a crude oil sale at the benchmark crude oil price (or with a positive spread).

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #2985420

    Má thiteann an praghas réamhcheaptha le haghaidh aon seachadadh faoi bhun AA25, áfach, tá athraitheacht sreafa airgid níos lú ag an mír fhálaithe ná díolachán amhola ar an bpraghas amhola tagarmhairc (nó le raon difríochta dearfach).

    However, if the forward price for any delivery falls below CU25, the hedged item has a lower cash flow variability than a crude oil sale at the benchmark crude oil price (or with a positive spread).

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  6. #2986248

    Ina theannta sin, dá liacht páirtí is gá gníomhú le chéile chun cearta bainte cinnteora a fheidhmiú agus dá mhéad iad na leasanna eacnamaíocha eile atá ag an gcinnteoir (i.e. luach saothair agus leasanna eile) agus an athraitheacht atá bainteach leo, is ea is lú an t-ualú a chuirfear ar an bhfachtóir sin.

    In addition, the greater the number of parties required to act together to exercise rights to remove a decision maker and the greater the magnitude of, and variability associated with, the decision maker’s other economic interests (ie remuneration and other interests), the less the weighting that shall be placed on this factor.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  7. #2986254

    B68 Dá mhéad é luach saothair an chinnteora, agus an athraitheacht atá bainteach leis, i gcoibhneas leis na torthaí a bhfuil coinne leo ó ghníomhaíochtaí na hinstitiúide infheistiúcháin, is ea is dóchúla go bhfuil an cinnteoir ina phríomhaí.

    B68 The greater the magnitude of, and variability associated with, the decision maker’s remuneration relative to the returns expected from the activities of the investee, the more likely the decision maker is a principal.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  8. #2986264

    dá mhéad iad leasanna eacnamaíocha an chinnteora, agus an athraitheacht atá bainteach leo, i bhfianaise a luach saothair agus a leasanna eile ar bhonn comhiomlán, is ea is dóchúla go bhfuil an cinnteoir ina phríomhaí.

    the greater the magnitude of, and variability associated with, its economic interests, considering its remuneration and other interests in aggregate, the more likely the decision maker is a principal.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  9. #2986303

    Dá mhéad iad leasanna eacnamaíocha an bhainisteora cistí, agus an athraitheacht atá bainteach leo (i bhfianaise a luach saothair agus a leasanna eile ar bhonn comhiomlán), is ea is mó a chuirfeadh an bainisteoir cistí na leasanna eacnamaíocha sin i dtábhacht san anailís agus is dóchúla go bhfuil an bainisteoir cistí ina phríomhaí.

    The greater the magnitude of, and variability associated with, the fund manager’s economic interests (considering its remuneration and other interests in aggregate), the more emphasis the fund manager would place on those economic interests in the analysis, and the more likely the fund manager is a principal.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  10. #3037111

    Agus raon leathan saintréithe tiománaithe, athraitheacht na n-ionad suí, agus neamhaibíocht choibhneasta na dteicneolaíochtaí atá ann cheana sa mhargadh á gcur san áireamh, ba cheart na ceanglais feidhmíochta maidir le córais ADDW a shocrú ar leibhéal atá réalaíoch agus insroichte i dtaca leis an taithí theoranta a fuarthas ó na córais atá ar an margadh agus i dtaca leis an tsolúbthacht is gá le haghaidh tuilleadh nuálaíochta sna córais sin.

    Taking into account the wide variety of drivers’ characteristics, the variability of seating positions, and the relative market immaturity of existing technologies, the performance requirements for ADDW systems should be set at a level that is realistic and attainable with regard to the limited experience gathered from the systems on the market and the room needed for further innovation of these systems.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2590 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta sonracha tástála agus na ceanglais shonracha theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí áirithe i dtaca lena n-ardchórais rabhaidh do sheachmall tiománaí agus lena leasaítear an Rialachán sin

  11. #3254831

    Beidh íogaireacht na n-anailíseoirí ar shuaití, ar chreathadh, ar aosú, ar athraitheacht sa teocht agus san aerbhrú agus ar thrasnaíocht leictreamaighnéadach agus tionchair eile a bhaineann le hoibriú feithicle agus anailíseora teoranta a mhéid is féidir agus déanfaidh monaróir an trealaimh í a lua go soiléir ina ábhar tacaíochta.

    The sensitivity of the analysers to shocks, vibration, aging, variability in temperature and air pressure as well as electromagnetic interferences and other impacts related to vehicle and analyser operation shall be limited as far as possible and shall be clearly stated by the equipment manufacturer in its support material.

    Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí paisinéirí agus tráchtála saothair éadroim i dtaca le hastaíochtaí fíorthiomána [2024/211]

  12. #3254879

    Íogaireacht na n-ionstraimí agus na gcomharthaí ar shuaití, ar chreathadh, ar aosú, ar athraitheacht sa teocht agus san aerbhrú comhthimpeallach, ar thrasnaíocht leictreamaighnéadach agus tionchair eile a bhaineann le hoibriú feithicle agus ionstraime, beidh sí ar leibhéal lena ndíchuirfear earráidí breise.

    The sensitivity of instruments and signals to shocks, vibration, aging, variability in temperature, ambient air pressure, electromagnetic interferences and other impacts related to vehicle and instrument operation shall be on a level as to eliminate additional errors.

    Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí paisinéirí agus tráchtála saothair éadroim i dtaca le hastaíochtaí fíorthiomána [2024/211]