Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

51 toradh in 13 doiciméad

  1. #299300

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an liosta speiceas ainmhithe arna leagan amach i gCuid C d’Iarscríbhinn I agus liostaí na dtíortha agus na gcríoch arna leagan amach i gCuid B agus i gCuid C d’Iarscríbhinn II a leasú, ceanglais shonracha a tharraingt suas i ndáil le galair seachas confadh maidir leis na Ballstáit agus na críocha a liostaítear i roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn II, coinníollacha a ghlacadh a bheidh infheidhme maidir le gluaiseacht ainmhithe de na speicis a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn I ó thríú tíortha agus ceanglais de chinéal teicniúil a ghlacadh maidir le gluaiseacht ainmhithe de na speicis a liostaítear i gCuid A agus i gCuid B d’Iarscríbhinn I. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán sin a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

    As regards Regulation (EC) No 998/2003, the Commission should be empowered to amend the list of species of animals set out in Part C of Annex I and the lists of countries and territories set out in Parts B and C of Annex II, draw up specific requirements in respect of diseases other than rabies with regard to Member States and territories listed in section 2 of Part B of Annex II, adopt conditions applicable to the movement of animals of the species listed in Part C of Annex I from third countries and adopt requirements of a technical nature in respect of the movement of animals of the species listed in Parts A and B of Annex I. Since those measures are of general scope and are designed to amend non-essential elements of that Regulation, inter alia, by supplementing it with new non-essential elements, they must be adopted in accordance with the regulatory procedure with scrutiny provided for in Article 5a of Decision 1999/468/EC.

    Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 lena ndéantar líon áirithe ionstraimí atá faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh a oiriúnú do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú