#1702080
Beidh mionnscríbhinn, arna déanamh ag an achainíoch, ag gabháil le gach achainí faoin Acht, lena bhfíorófar na fíorais agus na hábhair a bheidh luaite san achainí sin agus a mbeidh eolas ag an achainíoch go pearsanta orthu agus ina dteisteofar maidir le fírinne na bhfíoras agus na n-ábhar eile a bheidh líomhnaithe san achainí a bheith á creidiúint aige; agus beidh i ngach mionnscríbhinn den sórt sin séanadh ar chlaonpháirteachas le haon daoine nó duine; ar an gcoinníoll, áfach, más naíon faoi bhun ocht mbliana déag d'aois, nó duine mímheabhrach, é nó í an t-achainíoch, nó mura féidir leis an achainíoch, ar aon chúiseanna speisialta, mionnscríbhinn den sórt sin a dhéanamh, go bhféadfaidh an Chúirt nó an Máistir, ar mhionnscríbhinn ina luafar na fíorais ar mar gheall orthu gur mian go ndéanfadh duine éigin seachas an t-achainíoch an achainí a fhíorú, a cheadú, le hordú, do dhuine éigin eile a ainmneofar san ordú sin an achainí a fhíorú, agus a cheadú freisin don duine eile sin mionnscríbhinn a dhéanamh lena séanfar claonpháirteachas.
Every petition under the Act shall be accompanied by an affidavit made by the petitioner verifying the facts and matters stated in such petition of which he has personal knowledge and deposing as to his belief in the truth of the other facts and matters alleged in the petition; and every such affidavit shall contain a denial of collusion with any persons or person; provided, however, that if the petitioner shall be an infant under the age of eighteen years, or a person of unsound mind, or if for any special reasons the petitioner is unable to make such an affidavit, the Court or the Master, on an affidavit stating the facts by reason of which it is desired that the petition should be verified by some person other than the petitioner, may by order allow the petition to be verified by some other person to be named in said order, and also allow such other person to make an affidavit denying collusion.