Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

52 toradh in 31 doiciméad

  1. #3187084

    Ina theannta sin, ionas go mbeidh tomhaltóirí in ann cinntí idirbhirt níos eolaí a dhéanamh agus earraí a roghnú ar fusa iad a dheisiú, ba cheart do thrádálaithe, i gcás inarb infheidhme, sula mbeidh tomhaltóirí faoi cheangal ag an gconradh, an scór indeisitheachta don earra arna sholáthar ag an táirgeoir agus arna bhunú ar leibhéal an Aontais a sholáthar.

    In addition, to allow consumers to make an informed transactional decision and choose goods that are easier to repair, traders should, where applicable, provide, before consumers are bound by the contract, the reparability score for the good as provided by the producer and as established at Union level.

    Treoir (AE) 2024/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr

  2. #3187093

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon cinntí idirbhirt níos eolaí ag tomhaltóirí a chumasú chun tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn, cleachtais a dhéanann dochar don gheilleagar inbhuanaithe a sheachaint agus a sheachaint go gcuirfí cosc ar thomhaltóirí roghanna tomhaltais inbhuanaithe a dhéanamh, agus a áirithiú go gcuirtear creat dlí tomhaltóirí an Aontais i bhfeidhm ar bhealach níos fearr agus ar bhealach comhsheasmhach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál uile-Aontais na faidhbe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    Since the objectives of this Directive, namely, enabling better-informed transactional decisions by consumers to promote sustainable consumption, eliminating practices that cause damage to the sustainable economy and prevent consumers from making sustainable consumption choices, and ensuring a better and consistent application of the Union consumer legal framework, cannot be sufficiently achieved by the Member States but can rather, by reason of the Union-wide character of the problem, be better achieved at Union level, the Union may adopt measures, in accordance with the principle of subsidiarity as set out in Article 5 of the Treaty on European Union.

    Treoir (AE) 2024/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr