Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

54 toradh in 34 doiciméad

  1. #2810659

    Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta dílseánaigh agus eisiacha aige chun tagairt a dhéanamh do na staidéir agus sonraí eolaíocha dílseánaigh arna gcur isteach mar thaca leis an iarratas, is iad sin, mais-speictriméadracht (‘MS’), athshondas maighnéadach núicléach (‘NMR’) agus crómatagrafaíocht mhalartaithe anian ardfheidhmíochta le bailíochtú mhodh an bhraite aimpéarméadraigh bhíogaigh (‘HPAEC-PAD’) agus na torthaí chun aitheantas 6′-SL agus fotháirgí carbaihiodráite atá sa bhia núíosach a chinneadh; an tuairisc ar na tréithchineálacha táirgthe salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL agus na tréithchineálacha díghrádúcháin salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL atá roghnach, agus na deimhnithe deascaidh a bhaineann leo; an córas um imoibriú slabhrúil polaiméaráise cainníochtúil fíor-ama (‘qPCR’) agus tuarascálacha maidir le bailíochtú modha le haghaidh na dtréithchineálacha táirgthe salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL agus na dtréithchineálacha díghrádúcháin salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL atá roghnach; an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le salann sóidiam 6′-SL; an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le salann sóidiam 6′-SL; an staidéar raoin dáileoige 7 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salann sóidiam 6′SL; agus, an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salainn sóidiam 6′-SL, faoin dlí náisiúnta an tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, agus nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí ná na staidéir sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh.

    The applicant declared that they held proprietary and exclusive rights of reference to the scientific studies and data submitted in support of the application, namely, mass spectrometry (‘MS’), nuclear magnetic resonance (‘NMR’) and a high-performance anion-exchange chromatography with pulsed amperometric detection (‘HPAEC-PAD’) method validation and the results for the determination of the identity of 6′-SL and of the carbohydrate by-products present in the novel food; the description and certificates of deposition of the genetically modified 6′-SL sodium salt production and optional degradation strains; the real time quantitative polymerase chain reaction (‘qPCR’) system and method validation reports for the genetically modified 6′-SL sodium salt production and optional degradation strains; the bacterial reverse mutation test with 6′-SL sodium salt; the in vitro mammalian cell micronucleus test with 6′-SL sodium salt; the 7-day dose range finding oral toxicity study in rats with 6′-SL sodium salt; and, the 90-day oral toxicity study in rats with 6′-SL sodium salt, under national law at the time they submitted the application and that third parties cannot lawfully access, use or refer to those data and studies.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/948 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2023 lena n-údaraítear salann sóidiam 6'-siailiol-lachtóis arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli BL21(DE3) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #2810661

    Dá bhrí sin, na staidéir agus sonraí eolaíocha dílseánaigh arna gcur isteach mar thaca leis an iarratas, is iad sin, mais-speictriméadracht (‘MS’), athshondas maighnéadach núicléach (‘NMR’) agus crómatagrafaíocht mhalartaithe anian ardfheidhmíochta le bailíochtú mhodh an bhraite aimpéarméadraigh bhíogaigh (‘HPAEC-PAD’) agus na torthaí chun aitheantas 6′-SL agus fotháirgí carbaihiodráite atá sa bhia núíosach a chinneadh; an tuairisc ar na tréithchineálacha táirgthe salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL agus na tréithchineálacha díghrádúcháin salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL atá roghnach, agus na deimhnithe deascaidh a bhaineann leo; an córas um imoibriú slabhrúil polaiméaráise cainníochtúil fíor-ama (‘qPCR’) agus tuarascálacha maidir le bailíochtú modha le haghaidh na dtréithchineálacha táirgthe salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL agus na dtréithchineálacha díghrádúcháin salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL atá roghnach; an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le salann sóidiam 6′-SL; an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le salann sóidiam 6′-SL; an staidéar raoin dáileoige 7 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salann sóidiam 6′SL; agus, an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salann sóidiam 6′-SL, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283.

    Therefore, the scientific studies and data submitted in support of the application, namely, mass spectrometry (‘MS’), nuclear magnetic resonance (‘NMR’) and a high-performance anion-exchange chromatography with pulsed amperometric detection (‘HPAEC-PAD’) method validation and the results for the determination of the identity of 6′-SL and of the carbohydrate by-products present in the novel food; the description and certificates of deposition of the genetically modified 6′-SL sodium salt production and optional degradation strains; the real time quantitative polymerase chain reaction (‘qPCR’) system and method validation reports for the genetically modified 6′-SL sodium salt production and optional degradation strains; the bacterial reverse mutation test with 6′-SL sodium salt; the in vitro mammalian cell micronucleus test with 6′-SL sodium salt; the 7-day dose range finding oral toxicity study in rats with 6′-SL sodium salt; and, the 90-day oral toxicity study in rats with 6′-SL sodium salt, should be protected in accordance with Article 27(1) of Regulation (EU) 2015/2283.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/948 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2023 lena n-údaraítear salann sóidiam 6'-siailiol-lachtóis arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli BL21(DE3) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #3007793

    An 25 Márta 2021, rinne an t-iarratasóir iarraidh ar an gCoimisiún freisin ar chosaint staidéar eolaíoch agus sonraí dílseánaigh a cuireadh isteach chun tacú leis an iarratas, is iad sin, bailíochtú modhanna crómatagrafaíochta leachta ardfheidhmíochta in éineacht le mais-speictriméadracht le hianúchán leictreasprae (‘HPLC-ESI-MS/MS’), an athshondais mhaighnéadaigh núicléach (‘AMN’) agus na crómatagrafaíochta ainianmhalartúcháin ardfheidhmíochta le haimpéarméadrach bíogach braite (‘HPAEC-PAD’) agus na torthaí maidir le aitheantas 3-FL; tuairisc mhionsonraithe ar thréithchineál táirgthe 3-FL géinmhodhnaithe; tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe; anailís mhionsonraithe ar chomhdhéanamh agus torthaí tástála cobhsaíochta; tástáil bhaictéarach ais-sócháin le 3-FL; tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le 3-FL; staidéar raoin dáileoige 14 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le 3-FL; agus, staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le 3-FL.

    On 25 March 2021, the applicant also made a request to the Commission for the protection of proprietary scientific studies and data submitted in support of the application, namely, high performance liquid chromatography-electrospray ionisation-mass spectrometry (‘HPLC-ESI-MS/MS’), nuclear magnetic resonance (‘NMR’) spectroscopy, and high-performance anion-exchange chromatography with pulsed amperometric detection (‘HPAEC-PAD’) method validation and the results for the determination of the identity of 3-FL; a detailed description of the genetically modified 3-FL production strain; a detailed description of the production process; detailed composition analysis and stability test results; a bacterial reverse mutation test with 3-FL; an in vitro mammalian cell micronucleus test with 3-FL; a 14-day dose range finding oral toxicity study in rats with 3-FL; and, a 90-day oral toxicity study in rats with 3-FL.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2210 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 lena n-údaraítear 3-Fúcaishiollachtós arna tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Escherichia coli K-12(DH1) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470

  4. #3008232

    An 26 Márta 2021, chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar chosaint staidéar eolaíoch agus sonraí dílseánaigh, is iad sin, staidéir ar chrómatagrafaíocht leachta ardfheidhmíochta in éineacht le mais-speictriméadracht le hianúchán leictreasprae (‘LC-MS/MS’), athshondas maighnéadach núicléach (‘AMN’) agus crómatagrafaíocht ardfheidhmíochta leachta in éineacht le brath aerasól luchtaithe (‘HPLC-CAD’) maidir le haitheantas 6-FL’-SL a chinneadh; tuairisc ar thréithchineál táirgthe salainn sóidiam 6′-SL géinmhodhnaithe; tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe; tástáil bhaictéarach ais-sócháin le salann sóidiam 6′-SL; tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le salann sóidiam 6′-SL; tástáil micreanúicléis in vivo i gcealla mamach le salann sóidiam 6′-SL; tástáil micreanúicléis in vivo i gcealla mamach le salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis (‘3′-SL’); tástáil bhaictéarach ais-sócháin le salann sóidiam 3′-SL; staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salann sóidiam 3′SL; staidéar anailíse bithfhaisnéisíochta ar ghéanóm E. coli W (ATCC 9637) chun seichimh heitrealógacha a aimsiú lena bhféadfaí ailléirginí féideartha a ionchódú; agus staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salann sóidiam 6′SL, arna chur isteach mar thaca leis an iarratas.

    On 26 March 2021, the applicant also made a request to the Commission for the protection of proprietary scientific studies and data, namely, liquid chromatography-mass spectrometry (‘LC-MS/MS’), nuclear magnetic resonance (‘NMR’) and a high-performance liquid chromatography – charged aerosol detection (‘HPLC-CAD’) studies for the determination of the identity of 6′-SL; a description of the genetically modified 6′-SL sodium salt production strain; a detailed description of the production process; a bacterial reverse mutation test with 6′-SL sodium salt; an in vitro mammalian cell micronucleus test with 6′-SL sodium salt; an in vivo mammalian cell micronucleus test with 6′-SL sodium salt; an in vivo mammalian cell micronucleus test with 3′-Sialyllactose (‘3′-SL’) sodium salt; a bacterial reverse mutation test with 3′-SL sodium salt; a 90-day oral toxicity study in rats with 3′-SL sodium salt; a bioinformatics analysis study on the genome of the E. coli W (ATCC 9637) to detect heterologous sequences that could encode possible allergens; and, a 90-day oral toxicity study in rats with 6′-SL sodium salt, submitted in support of the application.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2215 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2023 lena n-údaraítear salann sóidiam 6'-siailiol-lachtóis arna tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Escherichia coli W (ATCC 9637) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470