Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

comhaontaigh

comhaontú

idirinstitiúideach

márta

parlaimint

eoraip

comhairle

faisnéis

at

387 toradh in 316 doiciméad

  1. #2887724

    (2) Le Rialachán (AE) 2019/631 aisghairtear, le héifeacht ón 1 Eanáir 2020, Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    (2) Regulation (EU) 2019/631 repeals, with effect from 1 January 2020, Regulations (EC) No 443/2009 and (EU) No 510/2011 of the European Parliament and of the Council, which are incorporated into the EEA Agreement and which are consequently to be repealed under the EEA Agreement.

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 168/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (an Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1743]

  2. #2888019

    Le Rialachán (AE) 2016/429 aisghairtear, le héifeacht ón 21 Aibreán 2026, Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE le héifeacht ón 21 Aibreán 2026.

    Regulation (EU) 2016/429 repeals, with effect from 21 April 2026, Regulation (EU) No 576/2013 of the European Parliament and of the Council, which is incorporated into the EEA Agreement and which is consequently repealed under the EEA Agreement with effect from 21 April 2026.

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 179/2020 an 11 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1981]

  3. #2890121

    Treoir 2005/47/CE ón gComhairle an 18 Iúil 2005 maidir leis an gComhaontú idir Comhphobal na nIarnród Eorpach (CER) agus Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) maidir le gnéithe áirithe de dhálaí oibre na n-oibrithe soghluaiste atá i mbun seirbhísí idir-inoibritheacha trasteorann san earnáil iarnróid - Comhaontú tugtha i gcrích ag Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) agus Comhphobal na nIarnród Eorpach (CER) maidir le gnéithe áirithe de dhálaí oibre na n-oibrithe soghluaiste atá i mbun seirbhísí idir-inoibritheacha trasteorann (IO L 195, 27.7.2005, lch. 15).

    Council Directive 2005/47/EC of 18 July 2005 on the Agreement between the Community of European Railways (CER) and the European Transport Workers’ Federation (ETF) on certain aspects of the working conditions of mobile workers engaged in interoperable cross-border services in the railway sector - Agreement concluded by the European Transport Workers’ Federation (ETF) and the Community of European Railways (CER) on certain aspects of the working conditions of mobile workers engaged in interoperable cross-border services (OJ L 195, 27.7.2005 p. 15).

    Cinneadh Uimh. 2022/01 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair an 15 Samhain 2022 maidir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a athbhreithniú [2023/2069]

  4. #2890489

    Le Rialachán (AE) 2019/1009, aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    Regulation (EU) 2019/1009 repeals Regulation (EC) No 2003/2003 of the European Parliament and of the Council, which is incorporated into the EEA Agreement and which is consequently to be repealed under the EEA Agreement.

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 77/2023 an 28 Aibreán 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2233]

  5. #2892547

    Le Rialachán (AE) 2019/881, aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    Regulation (EU) 2019/881 repeals Regulation (EU) No 526/2013 of the European Parliament and of the Council, which is incorporated into the EEA Agreement and which is consequently to be repealed under the EEA Agreement.

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 22/2023 an 3 Feabhra 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2306]

  6. #2892713

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1668 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2020 lena sonrófar sonraí agus feidhmiúlachtaí an chóras faisnéise agus cumarsáide atá le húsáid chun críocha Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    Commission Implementing Regulation (EU) 2020/1668 of 10 November 2020 specifying the details and functionalities of the information and communication system to be used for the purposes of Regulation (EU) 2019/515 of the European Parliament and of the Council on the mutual recognition of goods lawfully marketed in another Member State is to be incorporated into the EEA Agreement.

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 14/2023 an 3 Feabhra 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2311]

  7. #2919028

    Maidir le baill teaghlaigh le saoránaigh de chuid an Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leo, nó baill teaghlaigh le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu atá comhionann leis an gceart atá ag saoránach de chuid an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, ba cheart na foirmeacha iarratais a cheapadh sa chaoi go n-áiritheofar nár cheart dóibh freagra a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le cinneadh nó cinntí lena gceanglaítear orthu an chríoch a fhágáil nó filleadh.

    The application forms should be designed so as to ensure that family members of a Union citizen to whom Directive 2004/38/EC of the European Parliament and of the Council applies or of a national of a third country enjoying the right of free movement equivalent to that of Union citizens under an agreement between the Union and its Member States on the one hand and a third country on the other should not reply to questions that relate to decision(s) requiring them to leave the territory or to return.

    Cinneadh Tarmligthe (AE) 2023/2424 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2023 lena sonraítear ábhar agus formáid na gceisteanna agus lena leagtar síos an tsraith bhreise ceisteanna réamhshocraithe maidir leis an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) de bhun Airteagail 17(5) agus (6) de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  8. #3085179

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothúcháin, agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn, sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    Commission Delegated Regulation (EU) 2020/689 of 17 December 2019 supplementing Regulation (EU) 2016/429 of the European Parliament and of the Council as regards rules for surveillance, eradication programmes, and disease-free status for certain listed and emerging diseases is to be incorporated into the EEA Agreement.

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 4/2021 an 5 Feabhra 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/23]

  9. #3086216

    Le Treoir (AE) 2019/771 aisghairtear, le héifeacht ón 1 Eanáir 2022, Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm dá réir sin faoi Chomhaontú LEE le héifeacht ón 1 Eanáir 2022.

    Directive (EU) 2019/771 repeals, with effect from 1 January 2022, Directive 1999/44/EC of the European Parliament and of the Council, which is incorporated into the EEA Agreement and which is consequently to be repealed under the EEA Agreement with effect from 1 January 2022.

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 70/2021 an 5 Feabhra 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XIX (Cosaint tomhaltóirí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/53]

  10. #3086478

    Le Treoir (AE) 2016/2341, aisghairtear Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    Directive (EU) 2016/2341 repeals Directive 2003/41/EC of the European Parliament and of the Council, which is incorporated into the EEA Agreement and which is consequently to be repealed under the EEA Agreement.

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 54/2021 an 5 Feabhra 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/63]

  11. #3096704

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/881 ón gCoimisiún an 23 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe, agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn, sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    Commission Delegated Regulation (EU) 2021/881 of 23 March 2021 amending Delegated Regulation (EU) 2020/689 supplementing Regulation (EU) 2016/429 of the European Parliament and of the Council as regards rules for surveillance, eradication programmes, and disease-free status for certain listed and emerging diseases is to be incorporated into the EEA Agreement.

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 232/2021 an 24 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/468]

  12. #3096751

    Le Treoir 2012/34/AE aisghairtear Treoracha 91/440/CEE agus 95/18/CE ón gComhairle agus Treoir 2001/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    Directive 2012/34/EU repeals Council Directives 91/440/EEC and 95/18/EC and Directive 2001/14/EC of the European Parliament and of the Council, which are incorporated into the EEA Agreement and which are consequently to be repealed under the EEA Agreement.

    Cinneadh Ó Chomhchoiste LEE Uimh. 247/2021 an 24 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/469]

  13. #3096874

    Le Treoir (AE) 2016/797 aisghairtear Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    Directive (EU) 2016/797 repeals Directive 2008/57/EC of the European Parliament and of the Council, which is incorporated into the EEA Agreement and which is consequently to be repealed under the EEA Agreement.

    Cinneadh Ó Chomhchoiste LEE Uimh. 248/2021 an 24 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/471]

  14. #3096875

    Le Treoir (AE) 2016/798 aisghairtear Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    Directive (EU) 2016/798 repeals Directive 2004/49/EC of the European Parliament and of the Council, which is incorporated into the EEA Agreement and which is consequently to be repealed under the EEA Agreement.

    Cinneadh Ó Chomhchoiste LEE Uimh. 248/2021 an 24 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/471]

  15. #3097207

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2243 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena mbunaítear teimpléad le haghaidh achoimre ar an gconradh atá le húsáid ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí de bhun Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna cheartú le IO L 16, 21.1.2020, lch. 40,  sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    Commission Implementing Regulation (EU) 2019/2243 of 17 Decembre 2019 establishing a template for the contract summary to be used by providers of publicly available electronic communications services pursuant to Directive (EU) 2018/1972 of the European Parliament and of the Council, as corrected by OJ L 16, 21.1.2020, p. 40, is to be incorporated into the EEA Agreement.

    Cinneadh ó chomhchoiste LEE Uimh. 276/2021 an 24 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/478]

  16. #3100117

    Rialachán (AE) 2021/1068 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann lena chuid forálacha idirthréimhseacha maidir le hinnealra áirithe atá feistithe le hinnill sna raonta cumhachta atá níos mó ná, nó cothrom le, 56 kW agus níos lú ná 130 kW, agus níos mó ná, nó cothrom le, 300 kW, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19, sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    Regulation (EU) 2021/1068 of the European Parliament and of the Council of 24 June 2021 amending Regulation (EU) 2016/1628 as regards its transitional provisions for certain machinery fitted with engines in the power ranges greater than or equal to 56 kW and less than 130 kW, and greater than or equal to 300 kW, in order to address the impact of the COVID-19 crisis is to be incorporated into the EEA Agreement.

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 346/2021 an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/668]

  17. #3100206

    Le Rialachán (AE) 2019/1021, aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    Regulation (EU) 2019/1021 repeals Regulation (EC) No 850/2004 of the European Parliament and of the Council, which is incorporated into the EEA Agreement and which is consequently to be repealed under the EEA Agreement.

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 372/2021 an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/680]

  18. #3100788

    Le Rialachán (AE) 2019/6 aisghairtear, le héifeacht ón 28 Eanáir 2022, Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm dá réir sin faoi Chomhaontú LEE le héifeacht ón 28 Eanáir 2022.

    Regulation (EU) 2019/6 repeals, with effect from 28 January 2022, Directive 2001/82/EC of the European Parliament and of the Council which is incorporated into the EEA Agreement and which is consequently to be repealed under the EEA Agreement with effect from 28 January 2022.

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 371/2021 an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/711]

  19. #3108418

    Le Rialachán (AE) 2019/1149 aisghairtear, le héifeacht ón 1 Lúnasa 2021, Cinneadh (AE) 2016/344 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    Regulation (EU) 2019/1149 repeals, with effect from 1 August 2021, Decision (EU) 2016/344 of the European Parliament and of the Council, which is included in the EEA Agreement and which is consequently to be repealed under the EEA Agreement.

    Cinneadh (AE) 2023/2821 ón gComhairle an 4 Nollaig 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinní V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus VI (Slándáil shóisialta) agus Prótacal 31 (Maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) a ghabhann le Comhaontú LEE (An Rialachán maidir leis an Údarás Eorpach Saothair)

  20. #3120468

    na ceanglais víosa, lena n-áirítear liostaí víosaí, comhaontuithe tarscaoilte víosaí, tarscaoiltí do phasanna taidhleoireachta agus pasanna seirbhíse, agus cásanna ina bhféadfaí an taisteal gan víosa a chur ar fionraí, faoi Airteagail 3, 4, 5, 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán sin; chomh maith le faisnéis faoi Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, comhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, lena soláthraítear an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas, an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe’);

    the visa requirements, including visa lists, visa waiver agreements, waivers for diplomatic and service passports, and cases of possible suspension of visa-free travel, under Articles 3, 4, 5, 7 and 8 of Regulation (EU) 2018/1806 of the European Parliament and of the Council and Annexes I and II to that Regulation; as well as information under Directive 2004/38/EC of the European Parliament and of the Council, an agreement between the Union and its Member States, on the one hand, and a third country, on the other, that provides the right to free movement equivalent to that of Union citizens, and the Agreement on the withdrawal of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland from the European Union and the European Atomic Energy Community (“EU-UK Withdrawal Agreement”);

    Rialachán (AE) 2023/2667 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009 agus (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 693/2003 agus (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle agus an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, a mhéid a bhaineann le digitiú an nós imeachta víosa

  21. #3121531

    más infheidhme, stádas an duine lena gcuirtear in iúl gur ball teaghlaigh de shaoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis nó léi é nó í an náisiúnach tríú tír nó gur ball teaghlaigh é nó í de náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile.

    if applicable, the status of the person indicating that the third-country national is a family member of a Union citizen to whom Directive 2004/38/EC of the European Parliament and of the Council applies or of a third-country national enjoying the right of free movement equivalent to that of Union citizens under an agreement between the Union and its Member States, on the one hand, and a third country, on the other.

    Rialachán (AE) 2023/2685 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le digitiú an nós imeachta maidir le víosaí

  22. #3168676

    An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú le hAirteagal 116 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile (‘an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais’) a bhaineann le Comhchoistí Comhairliúcháin a bhunú i gcomhar le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste na Réigiún, faoi seach, agus le leasú Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

    The position to be adopted on the Union’s behalf within the Stabilisation and Association Council established by Article 116 of the Stabilisation and Association Agreement between the European Communities and their Member States, of the one part, and the Republic of Albania, of the other part (the ‘Stabilisation and Association Council’) concerning the setting up of Joint Consultative Committees with the European Economic and Social Committee and with the Committee of the Regions, respectively, and the amendment of the Rules of Procedure of the Stabilisation and Association Council shall be based on the draft decision of the Stabilisation and Association Council attached to this Decision.

    Cinneadh (AE) 2024/420 ón gComhairle an 23 Eanáir 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Albáin a bhaineann le Comhchoistí Comhairliúcháin a bhunú i gcomhar le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste na Réigiún, faoi seach, agus le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a leasú

  23. #3170678

    An seasamh atá le glacadh ag an Aontas laistigh den Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú le hAirteagal 116 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Albáin, den pháirt eile, i ndáil leis an gComhchoiste Comhairliúcháin a bhunú le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus leis an gComhchoiste Comhairliúcháin le Coiste na Réigiún agus le leasú rialacha nós imeachta na Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais sin dá bhforáiltear in Airteagal 120(4) den Chomhaontú sin, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

    The position to be adopted by the Union within the Stabilisation and Association Council established by Article 116 of the Stabilisation and Association Agreement between the European Communities and their Member States, of the one part, and Albania, of the other part, in relation to the setting up of the Joint Consultative Committee with the European Economic and Social Committee and the Joint Consultative Committee with the Committee of the Regions of the European Union and the amendment of the rules of procedure of the said Stabilisation and Association Council as provided for in Article 120 (4) of said Agreement shall be based on the draft decision of the Stabilisation and Association Council, annexed to this Decision.

    Cinneadh (AE) 2024/572 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a bhaineann le Cinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Albáin lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta

  24. #3187932

    De mhaolú ar mhíreanna 1 go 6 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil an fheidhm mhargaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe 2(b), á feidhmiú ag dáileoir amháin nó ag roinnt dáileoirí atá ag gníomhú thar a gceann féin agus a mhargaíonn an CIM i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE nó trí tháirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ní mheasfar gur tarmligean atá faoi réir cheanglais mhíreanna 1 go 6 den Airteagal seo í feidhm den sórt sin gan beann ar aon chomhaontú dáileacháin idir an BCIM agus an dáileoir.

    By way of derogation from paragraphs 1 to 6 of this Article, where the marketing function referred to in Annex I, point 2(b), is performed by one or several distributors which are acting on their own behalf and which market the AIF in accordance with Directive 2014/65/EU or through insurance-based investment products in accordance with Directive (EU) 2016/97 of the European Parliament and of the Council, such function shall not be considered to be a delegation subject to the requirements of paragraphs 1 to 6 of this Article irrespective of any distribution agreement between the AIFM and the distributor.

    Treoir (AE) 2024/927 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leasaítear Treoracha 2011/61/AE agus 2009/65/CE a mhéid a bhaineann le socruithe tarmligin, bainistiú riosca leachtachta, tuairisciú maoirseachta, soláthar seirbhísí taisce agus cumhdaigh agus tionscnamh iasachta ag cistí infheistíochta malartacha

  25. #3188129

    De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil an fheidhm mhargaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, an tríú fleasc, á feidhmiú ag dáileoir amháin nó níos mó atá ag gníomhú thar a gceann féin agus a mhargaíonn an GCUI faoi Threoir 2014/65/AE nó trí tháirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ní mheasfar gur tarmligean atá faoi réir cheanglais mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo í feidhm den sórt sin gan beann ar aon chomhaontú dáileacháin idir an chuideachta bainistíochta agus an dáileoir.

    By way of derogation from paragraphs 1 and 2 of this Article, where the marketing function referred to in Annex II, third indent, is performed by one or several distributors which are acting on their own behalf and which market the UCITS under Directive 2014/65/EU or through insurance-based investment products in accordance with Directive (EU) 2016/97 of the European Parliament and of the Council, such function shall not be considered to be a delegation subject to the requirements of paragraphs 1 and 2 of this Article irrespective of any distribution agreement between the management company and the distributor.

    Treoir (AE) 2024/927 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leasaítear Treoracha 2011/61/AE agus 2009/65/CE a mhéid a bhaineann le socruithe tarmligin, bainistiú riosca leachtachta, tuairisciú maoirseachta, soláthar seirbhísí taisce agus cumhdaigh agus tionscnamh iasachta ag cistí infheistíochta malartacha

  26. #533885

    Rialachán (AE) Uimh. 1218/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú ar lamháltais i ndáil le feoil éanlaithe phróiseáilte dá bhforáiltear i Sceideal AE atá i gceangal le CGTT 1994, agus den Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus an Téalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú ar lamháltais i ndáil le feoil éanlaithe phróiseáilte dá bhforáiltear i Sceideal AE atá i gceangal le CGTT 1994, agus lena leasaítear agus lena bhforlíontar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim

    Regulation (EU) No 1218/2012 of the European Parliament and of the Council of 12 December 2012 concerning the implementation of the Agreement in the form of an Exchange of Letters between the European Union and Brazil pursuant to Article XXVIII of the General Agreement on Tariffs and Trade (GATT) 1994 relating to the modification of concessions with respect to processed poultry meat provided for in the EU Schedule annexed to GATT 1994, and of the Agreement in the form of an Exchange of Letters between the European Union and Thailand pursuant to Article XXVIII of the General Agreement on Tariffs and Trade (GATT) 1994 relating to the modification of concessions with respect to processed poultry meat provided for in the EU Schedule annexed to GATT 1994, and amending and supplementing Annex I to Council Regulation (EEC) No 2658/87 on the tariff and statistical nomenclature and on the Common Customs Tariff

    Rialachán (AE) Uimh. 1218/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú ar lamháltais i ndáil le feoil éanlaithe phróiseáilte dá bhforáiltear i Sceideal AE atá i gceangal le CGTT 1994, agus den Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus an Téalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú ar lamháltais i ndáil le feoil éanlaithe phróiseáilte dá bhforáiltear i Sceideal AE atá i gceangal le CGTT 1994, agus lena leasaítear agus lena bhforlíontar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim

  27. #1674752

    Ós rud é go gcaithfear príomhghnéithe an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda a fhorbairt fós agus go mbraitheann a chur chun feidhme ar reachtaíocht intíre a leagann na Stáit agus na réigiúin atá rannpháirteach síos, ba cheart don Choimisiún tuairisciú go rialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn i gcaibidlíocht ICAO, go háirithe maidir le hionstraimí ábhartha a glacadh trí ICAO, lena n-áirítear SARPanna, maidir leis na gníomhaíochtaí a rinne tríú tíortha chun an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme le go mbeidh feidhm aige maidir le hastaíochtaí don tréimhse 2021-2035, maidir le hiarrachtaí chun bearta uaillmhianacha ceangailteacha a leagan síos d'fhonn sprioc fhadtéarmach earnáil na heitlíochta a bhaint amach, is é sin go ngearrfaí ina leath líon na n-astaíochtaí CO2 faoi 2050 le hais a raibh ann sa bhliain 2005 agus maidir le forbairtí idirnáisiúnta agus ionstraimí infheidhme ábhartha eile, amhail rialacha faoin UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras maidir le margaí carbóin agus cuntasaíocht.

    Given that key features of the global market-based measure have yet to be developed and that its implementation depends on domestic legislation laid down by participating States and regions, the Commission should report regularly to the European Parliament and to the Council on progress in the ICAO negotiations, in particular on relevant instruments adopted through the ICAO, including SARPs, the actions taken by third countries to implement the global market-based measure to apply to emissions for the period 2021-2035, efforts to establish ambitious and binding measures to achieve the aviation industry's long-term goal of halving aviation CO2 emissions relative to 2005 levels by 2050 and other relevant international developments and applicable instruments, such as rules under the UNFCCC and the Paris Agreement on carbon markets and accounting.

    Rialachán (AE) 2017/2392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun leanúint de na teorainneacha reatha raon feidhme atá ar ghníomhaíochtaí eitlíochta agus chun ullmhúchán a dhéanamh do bheart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme ó 2021 amach

  28. #1685285

    Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de 6 mhí tar éis gach stocáireamh domhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, measúnú ar thionchair na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11, chomh maith le rannchuidiú an Rialacháin seo le gnóthú sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 agus maidir leis an méid atá sé a chur le gnóthú spriocanna Chomhaontú Pháras, go háirithe maidir leis an ngá atá le beartais bhreise agus bearta breise ón Aontas, lena n-áirítear creat iar-2030, ag féachaint don mhéadú is gá a dhéanamh ar laghduithe agus aistrithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas, agus déanfaidh sé tograí más iomchuí.

    The Commission shall submit a report to the European Parliament and to the Council, within six months of each global stocktake agreed under Article 14 of the Paris Agreement, on the operation of this Regulation, including, where relevant, an assessment of the impacts of the flexibilities referred to in Article 11, as well as on the contribution of this Regulation to the Union’s overall 2030 greenhouse gas emission reduction target and its contribution to the goals of the Paris Agreement, in particular with regard to the need for additional Union policies and measures, including a post-2030 framework, in view of the necessary increase in greenhouse gas emissions reductions and removals in the Union, and shall make proposals if appropriate.

    Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  29. #1891772

    Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) a cuireadh i gcrích sa Ghinéiv an 30 Meán Fómhair 1957, dá dtagraítear i Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; Caibidil 5.4 de Chuid 5 de na Rialacháin maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF a cuireadh i gcrích ag Vilnias an 3 Meitheamh 1999, dá dtagraítear i Roinn II.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin; agus Caibidil 5.4 de Pháirt 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN), a cuireadh i gcrích sa Ghinéiv an 26 Bealtaine 2000, dá dtagraítear i Roinn III.1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin;

    Chapter 5.4 of Part 5 of Annex A to the European Agreement concerning the International Carriage of Dangerous Goods by Road (ADR), concluded at Geneva on 30 September 1957, as referred to in Section I.1 of Annex I to Directive 2008/68/EC of the European Parliament and of the Council; Chapter 5.4 of Part 5 of the Regulations concerning the International Carriage of Dangerous Goods by Rail (RID), appearing as Appendix C to COTIF concluded at Vilnius on 3 June 1999, as referred to in Section II.1 of Annex II to that Directive; and Chapter 5.4 of Part 5 of the Regulations annexed to the European Agreement concerning the International Carriage of Dangerous Goods by Inland Waterways (ADN), concluded at Geneva on 26 May 2000, as referred to in Section III.1 of Annex III to that Directive;

    Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  30. #2035826

    De léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le cailliúint thubaisteach na bithéagsúlachta, ba cheart do ghníomhaíochtaí T&N faoin gClár rannchuidiú le caomhnú agus athbhunú na bithéagsúlachta agus leis an uaillmhian fhoriomlán a bhaint amach maidir le 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta sa bhliain 2024 agus 10 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus 2027, agus an forluí atá ann idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta a chur san áireamh i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach.

    Reflecting the importance of tackling the dramatic loss of biodiversity, R&I activities under the Programme should contribute to the preservation and restoration of biodiversity and to the achievement of the overall ambition of providing 7,5 % of annual spending under the MFF to biodiversity objectives in 2024 and 10 % of annual spending under the MFF to biodiversity objectives in 2026 and 2027, while considering the existing overlaps between climate and biodiversity goals in accordance with the Interinstitutional Agreement of 16 December 2020 between the European Parliament, the Council of the European Union and the European Commission on budgetary discipline, on cooperation in budgetary matters and on sound financial management, as well as on new own resources, including a roadmap towards the introduction of new own resources.

    Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  31. #2378040

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/931 ón gCoimisiún an 1 Márta 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an modh chun idirbhearta díorthacha a shainaithint ag a bhfuil tionscnóir riosca ábhartha amháin nó níos mó chun críocha Airteagal 277(5), an fhoirmle chun deilte mhaoirseachta céadroghanna ar cheannach agus ar dhíol a ríomh atá mapáilte le catagóir riosca an ráta úis agus an modh chun a chinneadh an suíomh fada nó gearr atá in idirbheart sa tionscnóir riosca príomhúil nó sa tionscnóir riosca is ábhartha sa chatagóir riosca ar leith chun críocha Airteagal 279a(3)(a) agus (b) sa chur chuige caighdeánaithe maidir le riosca creidmheasa an chontrapháirtí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    Commission Delegated Regulation (EU) 2021/931 of 1 March 2021 supplementing Regulation (EU) No 575/2013 of the European Parliament and of the Council with regard to regulatory technical standards specifying the method for identifying derivative transactions with one or more than one material risk driver for the purposes of Article 277(5), the formula for calculating the supervisory delta of call and put options mapped to the interest rate risk category and the method for determining whether a transaction is a long or short position in the primary risk driver or in the most material risk driver in the given risk category for the purposes of Article 279a(3)(a) and (b) in the standardised approach for counterparty credit risk is to be incorporated into the EEA Agreement.

    Cinneadh Uimh. 141/2022 ó Chomhchoiste LEE an 29 Aibreán 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1585]

  32. #2418923

    Mar a leagtar amach in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”), oibreoir atá bunaithe sa Pháirtí eile le dearbhú maidir le postú a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Pháirtí, nó i gcás an Aontais, údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tiománaí ar postú, agus úsáid á baint ón 2 Feabhra 2022 ar aghaidh as leagan chaighdeánach ilteangach den chomhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    As set out in Article 6(1), point (a), of Section 2 of Part A of Annex 31 to the Trade and Cooperation Agreement between the European Union and the European Atomic Energy Community, of the one part, and the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland, of the other part (‘the Trade and Cooperation Agreement’), an operator established in the other Party is to submit a posting declaration to the competent authorities of the Party or, in the case of the Union, of the Member State to which the driver is posted, using from 2 February 2022 a multilingual standard form of the public interface connected to the Internal Market Information system (IMI) established by Regulation (EU) No 1024/2012 of the European Parliament and of the Council.

    Cinneadh (AE) 2022/2197 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí teicniúla agus nós imeachta maidir leis an úsáid a bhaineann an Ríocht Aontaithe as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) agus méid agus módúlachtaí na ranníocaíochta airgeadais atá le déanamh ag an Ríocht Aontaithe le buiséad ginearálta an Aontais i ndáil leis an gcostas a ghintear ón úsáid a bhaineann sí as IMI

  33. #2625758

    á chur in iúl gur geal léi an comhaontú polaitiúil maidir leis an gClár Trédhearcachta d’ionadaithe sainleasa, ar tháinig an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún air an 15 Nollaig 2020; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, na teorainneacha a breithníodh in Airteagal 5 den chinneadh ón bParlaimint an 27 Aibreán 2021 maidir le comhaontú idirinstitiúideach a thabhairt i gcrích idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach, amhail nach bhfuil feidhm ag an gClár Trédhearcachta maidir le Buanionadaithe na mBallstát ach amháin faoi scéimeanna deonacha; á áitiú gur cheart do na Buanionadaíochtaí uile páirt ghníomhach a ghlacadh ann trí scéimeanna deonacha le linn agus tar éis uachtaránacht a mBallstáit; á iarraidh ar an gComhairle, lena n-áirítear ionadaithe na mBallstát, na rialacha eitice atá ann cheana a chomhchuibhiú, a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú, go háirithe maidir le coinbhleachtaí leasa, doirse imrothlacha agus rialacha trédhearcachta brústocaireachta; ag cur a himní in iúl go bhfuil comhaid reachtacha á seoladh chuig an gComhairle Eorpach ar bhonn méadaitheach, institiúid nach bhfuil feidhm reachtach ná feidhmiúcháin aici, nach gcuireann na caighdeáin trédhearcachta chéanna i bhfeidhm agus atá ag an gComhairle agus nach bhfuil á coinneáil cuntasach;

    Welcomes the political agreement on the Transparency Register for interest representatives, reached by Parliament, the Council and the Commission on 15 December 2020; regrets, however, the limitations considered in Article 5 of Parliament’s decision of 27 April 2021 on the conclusion of an interinstitutional agreement between the European Parliament, the Council of the European Union, and the European Commission on a mandatory transparency register, such as the fact that the Transparency Register applies to the Member States’ Permanent Representatives only under voluntary schemes; insists that all Permanent Representations should take an active part in it through voluntary schemes during and after their Member State’s Council presidency; calls on the Council, including the Member State representatives, to harmonise, improve and enforce the existing ethics rules, in particular with regard to conflicts of interest, revolving doors and lobby transparency rules; expresses its concern that legislative files are escalated to the European Council on an increasing basis, which has neither a legislative nor an executive function, does not apply the same transparency standards as the Council and is not being held accountable;

    Rún (AE) 2022/1689 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn II — an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle

  34. #3047351

    Á chur i bhfáth gur athraigh ráig phaindéim COVID-19 ionchas eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais go tobann, rud a d’éiligh iarracht aontaithe, as ar tháinig an comhaontú i mí na Nollag 2020 maidir leis an bpacáiste téarnaimh don Eoraip, lena n-áirítear RRF, agus maidir le CAI 2021–2027; á mheabhrú gur ionstraim théarnaimh shealadach í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta atá bunaithe ar fheidhmíocht, i.e. go bhfuil íocaíochtaí nasctha le comhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí a áirítear sna RRPanna náisiúnta; á chur i bhfáth, cé go ndéantar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chistiú trí fhiachas a eisiúint, á thabhairt chun suntais go bhforáiltear leis an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (Rialachán RRF) nach mór spriocanna maidir le caiteachas aeráide agus digiteach a bhaint amach le RRPanna agus rannchuidiú go hiomchuí le réimsí beartais atá ábhartha don Aontas; á mheabhrú gur cheart do gach plean náisiúnta aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar gach dúshlán nó ar fhothacar suntasach de dhúshláin arna sainaithint sa Seimeastar Eorpach, go háirithe na moltaí tírshonracha arna nglacadh ag an gComhairle; á chur i bhfáth go bhfuil breisluach ag baint leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena dtacaítear le clár oibre athchóirithe agus infheistíochtaí nach bhfacthas a leithéid riamh cheana chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha atá os comhair na mBallstát;

    Stresses that the outbreak of the COVID-19 pandemic abruptly changed the economic and social outlook of the Union, requiring a united effort, resulting in the agreement in December 2020 on the recovery package for Europe, including the RRF, as well as on the MFF 2021–2027; recalls that the RRF is a temporary recovery instrument based on performance, i.e. payments are linked to the satisfactory fulfilment of milestones and targets related to reforms and investments included in the national RRPs; stresses that although the RRF is funded by issuing debt, highlights that the Recovery and Resilience Facility Regulation (RRF Regulation) provides that the RRPs must reach targets for climate and digital expenditure and contribute appropriately to policy areas of Union relevance; recalls that each national plan should effectively address all or a significant subset of challenges identified in the European Semester, particularly the country-specific recommendations adopted by the Council; stresses the added value of the RRF supporting an unprecedented agenda of reforms and investments to address the specific challenges Member States are facing;

    Rún (AE) 2023/1825 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

  35. #3047809

    ag iarraidh an athuair ar an gCoiste athmhachnamh a dhéanamh ar a rannpháirtíocht sa Chlár Trédhearcachta a bunaíodh le Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach, lena gceadaítear rannpháirtíocht dheonach institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus institiúidí eile ar sínitheoirí iad, ach nach gcumhdaítear leis gníomhaíochtaí na n-údarás réigiúnach agus áitiúil agus na gcomhlachas a dhéanann ionadaíocht orthu; ag seasamh lena tuairim ar bhailíocht theoranta Threoirleabhar Praiticiúil an Choiste maidir le hidirghníomhú foirne le heintitis sheachtracha, a théann siar go dtí 2018, agus ag athdhearbhú a thábhachtaí atá ardleibhéal trédhearcachta i ndáil le cruinnithe brústocaireachta a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gCoiste ina ról comhairleach d’institiúidí an Aontais; ag iarraidh ar an gCoiste bailchríoch a chur ar a anailís inmheánach ar na roghanna atá ar fáil agus páirt a ghlacadh sa Clár Trédhearcachta;

    Reiterates its call on the Committee to reconsider its participation in the Transparency Register established by the Interinstitutional Agreement of 20 May 2021 between the European Parliament, the Council of the European Union and the European Commission on a mandatory transparency register, which allows for the voluntary involvement of Union institutions, bodies, offices and agencies other the signatory institutions, but does not cover the activities of regional and local authorities and the associations representing them; maintains its view on the limited validity of the Committee’s Practical Guide on the interaction of staff with external entities, dating back to 2018, and reaffirms the importance of a high level of transparency with respect to lobbying meetings which might influence the Committee in its advisory role to the Union institutions; calls on the Committee to finalise its internal analysis of the available options and to join the Transparency Register;

    Rún (AE) 2023/1834 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VII – Coiste Eorpach na Réigiún

  36. #3120088

    feidhm ag forálacha sonracha maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa, ar baill teaghlaigh iad le saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leo, nó ar baill teaghlaigh iad le náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar lámh amháin, agus tríú tír, ar an lámh eile, agus nach bhfuil cárta cónaithe acu de bhun Threoir 2004/38/CE, nó le náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe ar tairbhithe iad den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (An Comhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe) maidir lena stát óstach, mar a shainmhínítear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, agus nach bhfuil doiciméad cónaithe acu a bhaineann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

    Specific provisions apply to third-country nationals subject to a visa requirement who are family members of citizens of the Union to whom Directive 2004/38/EC of the European Parliament and of the Council applies or of third-country nationals enjoying the right to free movement equivalent to that of Union citizens under an agreement between the Union and its Member States, on the one hand, and a third country, on the other, and who do not hold a residence card pursuant to Directive 2004/38/EC, or of UK nationals who are beneficiaries of the Agreement on the withdrawal of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland from the European Union and the European Atomic Energy Community (EU-UK Withdrawal Agreement) in relation to their host State, as defined in the EU-UK Withdrawal Agreement, and who do not hold a EU-UK Withdrawal Agreement residence document.

    Rialachán (AE) 2023/2667 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009 agus (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 693/2003 agus (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle agus an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, a mhéid a bhaineann le digitiú an nós imeachta víosa

  37. #319950

    Tar éis dul i gcomhairle le Comhdháil na nUachtarán, féadfaidh an tUachtarán a iarraidh ar Uachtarán an Choimisiúin, ar an gCoimisinéir atá freagrach as caidreamh le Parlaimint na hEorpa nó, trí chomhaontú, ar Choimisinéir eile ráiteas a dhéanamh sa Pharlaimint tar éis gach cruinnithe den Choimisiún, ar ráiteas é ina mínítear na príomhchinntí a glacadh.

    After consulting the Conference of Presidents, the President may invite the President of the Commission, the Commissioner responsible for relations with the European Parliament or, by agreement, another Commissioner, to make a statement to Parliament after each meeting of the Commission, explaining the main decisions taken.

    Rialacha Nós Imeachta — 7ú téarma parlaiminteach — Márta 2011

  38. #321462

    Beidh feidhm ag forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh seo i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus gan dochar do Chinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 1995 maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa [4] agus gan dochar do na comhaontuithe atá ann cheana féin, go háirithe Comhaontú Idirinstitiúideach an 6 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus feabhsú ar an nós imeachta buiséadach [5].

    The provisions of this Interinstitutional Agreement shall apply in accordance with applicable law and without prejudice to Decision 95/167/EC, Euratom, ECSC of the European Parliament, the Council and the Commission of 19 April 1995 on the detailed provisions governing the exercise of the European Parliament’s right of inquiry [4] and without prejudice to existing arrangements, especially the Interinstitutional Agreement of 6 May 1999 between the European Parliament, the Council and the Commission on budgetary discipline and improvement of the budgetary procedure [5].

    Rialacha Nós Imeachta — 7ú téarma parlaiminteach — Márta 2011

  39. #321511

    Leis an gCinneadh seo, glactar bearta breise atá ag teastáil chun an Comhaontú Idirinstitiúideach lena rialaítear rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair de chuid na Comhairle i réimse an bheartais slándála agus cosanta a chur chun feidhme.

    This Decision adopts the additional measures required to implement the Interinstitutional Agreement governing European Parliament access to sensitive Council information in the sphere of security and defence policy.

    Rialacha Nós Imeachta — 7ú téarma parlaiminteach — Márta 2011

  40. #343645

    Áirítear orthu sin comhaontú comhair a shíniú idir an Coimisiún agus na geallsealbhóirí éagsúla san earnáil, coiste stiúrtha a bhunú leis an gcomhaontú comhair sin a chur chun feidhme, Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a ghlacadh ag an gCoimisiún maidir le himlonnú an chórais chomharthaíochta iarnróid Eorpaigh ERTMS/ETCS, ceapachán comhordaitheora Eorpaigh, ag an gCoimisiún, do thionscadal an ERTMS mar thionscadal tosaíochta atá ar leas an Chomhphobail, sainmhíniú ar ról na Gníomhaireachta mar údarás córais i gcomhthéacs na gclár oibre bliantúil éagsúil, agus glacadh an STI maidir le "rialú-ordú agus comharthaíocht" don ghnáthchóras iarnróid [7].

    These include the signing of a cooperation agreement between the Commission and the various stakeholders in the sector, the setting up of a steering committee for implementing this cooperation agreement, the adoption by the Commission of a Communication to the European Parliament and the Council on the deployment of the European rail signalling system ERTMS/ETCS, the appointment, by the Commission, of a European coordinator for the ERTMS project as a priority project of Community interest, the definition of the Agency's role as system authority in the context of the various annual work programmes, and the adoption of the "control-command and signalling" TSI for conventional rail [7].

    Rialacháin (CE) Uimh. 1335/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Iarnróid (Rialachán Gníomhaireachta)

  41. #349713

    agus Iarscríbhinn IV a leasú chun go n-áireofar Rialacháin Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (Rialacháin UNECE) inti, ar rialacháin iad atá éigeantach faoi Chinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontódh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantais fhrithpháirtigh i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin [5].

    and to amend Annex IV to include the Regulations of the United Nations Economic Commission for Europe (UNECE Regulations) which are mandatory under Council Decision 97/836/EC of 27 November 1997 with a view to accession by the European Community to the Agreement of the United Nations Economic Commission for Europe concerning the adoption of uniform technical prescriptions for wheeled vehicles, equipment and parts which can be fitted to and/or be used on wheeled vehicles and the conditions for reciprocal recognition of approvals granted on the basis of these prescriptions [5].

    Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóiri agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh

  42. #434157

    (A) DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE A BHAINEANN LE PÁIRTEACHAS AN STÁIT SA tSAORÁID CHOBHSAÍOCHTA AIRGEADAIS EORPACH, CUIDEACHTA PHOIBLÍ THEORANTA ATÁ CORPRAITHE FAOI DHLÍTHE ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG DE BHUN COMHAONTAITHE IDIR-RIALTASAIGH IDIR BALLSTÁIT ÁIRITHE DEN AONTAS EORPACH DE BHUN THÁTAIL CHOMHAIRLE AIRÍ EACNAMAÍOCHTA AGUS AIRGEADAIS AN AONTAIS EORPAIGH AN 9 BEALTAINE 2010 MAIDIR LE CAOMHNÚ COBHSAÍOCHTA AIRGEADAIS SAN EORAIP AGUS FAOI RÉIR THÉARMAÍ CHREAT-CHOMHAONTÚ SaorCAE A RINNE BALLSTÁIT ÁIRITHE DE PHÁIRT AGUS AN tSAORÁID CHOBHSAÍOCHTA AIRGEADAIS EORPACH DEN PHÁIRT EILE,

    (A) TO PROVIDE FOR MATTERS RELATING TO THE PARTICIPATION BY THE STATE IN THE EUROPEAN FINANCIAL STABILITY FACILITY, A PUBLIC LIMITED COMPANY INCORPORATED UNDER THE LAWS OF THE GRAND DUCHY OF LUXEMBOURG PURSUANT TO AN INTERGOVERNMENTAL AGREEMENT AMONG CERTAIN MEMBER STATES OF THE EUROPEAN UNION CONSEQUENT ON THE CONCLUSIONS OF 9 MAY 2010 OF THE COUNCIL OF ECONOMIC AND FINANCE MINISTERS OF THE EUROPEAN UNION REGARDING THE PRESERVATION OF FINANCIAL STABILITY IN EUROPE AND SUBJECT TO THE TERMS OF THE EFSF FRAMEWORK AGREEMENT ENTERED INTO BY CERTAIN MEMBER STATES ON THE ONE PART AND THE EUROPEAN FINANCIAL STABILITY FACILITY ON THE OTHER PART,

    AN tACHT UM SHAORÁID CHOBHSAÍOCHTA AIRGEADAIS EORPACH 2010

  43. #505114

    Ba cheart go mbeadh maoiniú na Gníomhaireachta faoi réir comhaontaithe ón údarás buiséadach mar atá leagtha amach i bpointe 47 den Chomhaontú Idir-Institiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais [10].

    The financing of the Agency should be subject to an agreement by the budgetary authority as set out in point 47 of the Interinstitutional Agreement of 17 May 2006 between the European Parliament, the Council and the Commission on budgetary discipline and sound financial management [10].

    Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais

  44. #511699

    Faoi chuimsiú an chreata airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2007-2013 arna bhunú le Comhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus bainistiú fónta airgeadais [], déanfar measúnú ar chlár BTB agus ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag na tíortha lena mbaineann, agus áireofar sa mheasúnú sin moltaí maidir le haon bhearta atá le déanamh agus maidir le cineál na mbeart sin.

    In the framework of the multiannual financial framework for 2007-2013, established by Interinstitutional Agreement of 17 May 2006 between the European Parliament, the Council and the Commission in budgetary discipline and sound financial management [], the BAM programme and the progress made by the countries concerned shall be the subject of an assessment, which shall include recommendations on any measures to be taken and the nature thereof.

    Rialachán (AE) Uimh. 1341/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt

  45. #521704

    (14) I dteannta na gceanglas um thuairisciú atá ann faoi phointe 49 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus le bainistíocht fhónta airgeadais [6], ba cheart don Choimisiún, le tacú BEI, tuarascáil a thabhairt gach sé mhí le linn na treoirthréimhse do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tar éis an comhaontú comhair a bheith sínithe agus tuarascáil eatramhach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa dara leath de 2013.

    (14) In addition to the reporting requirements under point 49 of the Interinstitutional Agreement of 17 May 2006 between the European Parliament, the Council and the Commission on budgetary discipline and sound financial management [6], the Commission should, with the support of the EIB, report every six months during the pilot phase to the European Parliament and the Council after the signature of the cooperation agreement and submit an interim report to the European Parliament and the Council in the second half of 2013.

    Rialachán (AE) Uimh. 670/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2012 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007-2013) agus Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh

  46. #566866

    Mar atá beartaithe i Rialachán (AE) Uimh. 19/2013, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an Comhaontú a chur chun feidhme agus beidh sé réidh chun aon saincheisteanna a thig as cur chun feidhme an Chomhaontaithe sin a phlé leis an gcoiste a bheidh freagrach.

    As envisaged in Regulation (EU) No 19/2013, the Commission will submit an annual report to the European Parliament and to the Council on the implementation of the Agreement and will be ready to discuss with the responsible committee of the European Parliament any issues arising from the implementation of the Agreement.

    Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile

  47. #567115

    Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún maidir lena thábhachtaí atá dlúthchomhar agus monatóireach á déanamh ar chur chun feidhme Chuid IV den Chomhaontú agus Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile [1].

    The European Parliament and the Commission agree on the importance of close cooperation in monitoring the implementation of Part IV of the Agreement and Regulation (EU) No 20/2013 of the European Parliament and of the Council of 15 January 2013 implementing the bilateral safeguard clause and the stabilisation mechanism for bananas of the Agreement establishing an Association between the European Union and its Member States, on the one hand, and Central America on the other [1].

    Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile

  48. #604685

    Féadfaidh an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [10] agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/1996 [11] d'fhonn a shuí an raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile ann a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh maoinithe faoin Rialachán seo.

    The European Anti-fraud Office (OLAF) may carry out investigations, including on-the-spot checks and inspections, in accordance with the provisions and procedures laid down in Regulation (EU, Euratom) No 883/2013 of the European Parliament and of the Council [10] and Council Regulation (Euratom, EC) No 2185/96 [11] with a view to establishing whether there has been fraud, corruption or any other illegal activity affecting the financial interests of the Union in connection with a grant agreement or grant decision or a contract funded under this Regulation.

    Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Custam 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE

  49. #604865

    I dteannta Ballstát, agus tíortha agus críocha thar lear atá incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár, de bhun Airteagal 58 de Chinneadh 2001/822/CE ón gComhairle [12], ba cheart don Chlár a bheith oscailte freisin, faoi réir coinníollacha áirithe, do rannpháirtíocht thíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar pháirtithe iad sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus do rannpháirtíocht thíortha de chuid Chónaidhm na hEilvéise.

    In addition to Member States and overseas countries and territories which are eligible to participate in the Programme pursuant to Article 58 of Council Decision 2001/822/EC [12], the Programme should also be open, subject to certain conditions, to the participation of European Free Trade Association ("EFTA") countries which are parties to the Agreement on the European Economic Area ("EEA") and of the Swiss Confederation.

    Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  50. #607750

    Cuirfear Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coiste ar an eolas roimh ré maidir leis an gcomhaontú tarmligin atá le tabhairt i gcrích ag an Aontas, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí dó, agus GES.

    The European Parliament, the Council and the Committee shall be informed in advance of the delegation agreement to be concluded by the Union, as represented by the Commission, and ESA.

    Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle