Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

5 thoradh i ndoiciméad amháin

  1. #2197995

    Dealraíonn sé gur braitheadh ETO – atá carcanaigineach do dhaoine – i dtáirgí orgánacha roimh 2020.

    It appears that the presence of ETO – which is carcinogenic for humans – was detected in organic products before 2020.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

  2. #2197996

    Forbraíodh modhanna iontaofa éagsúla chun ETO a anailísiú le tríocha bliain anuas agus dá bhrí sin tá siad ar fáil chun éilliú den sórt sin a bhrath.

    Various reliable methods for the analysis of ETO have been developed over the last three decades and have therefore been available in order to detect such contaminations.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

  3. #2197994

    Maidir leis an India, allmhairíodh líon mór coinsíneachtaí ón tríú tír sin, coinsíneachtaí ina raibh na mílte tona síolta seasamain, a maíodh a bhí orgánach, a bhí éillithe le hocsaíd eitiléine (‘ETO’), go háirithe ó oibreoirí faoi rialú comhlachtaí rialaithe a ndéanann an India maoirseacht orthu, agus a raibh timpeall ar 90 fógra i gCóras Faisnéise na Talmhaíochta Orgánaí mar thoradh air.

    As regards India, a large number of consignments totalling to thousands of tons of allegedly organic sesame seed contaminated with ethylene oxide (‘ETO’) have been imported from that third country, in particular from operators controlled by control bodies supervised by India, and resulting in about 90 notifications in the Organic Farming Information System (OFIS).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

  4. #2197997

    Maidir leis na fógraí sin i gCóras Faisnéise na Talmhaíochta Orgánaí, is iondúil go sáraíonn na leibhéil éillithe sna coinsíneachtaí an uasteorainn iarmhar atá leagtha síos maidir le ETO, agus athraíonn na leibhéil bheachta éillithe ag brath ar an gcoinsíneacht.

    As regards those OFIS notifications, the levels of contamination found in the consignments have usually by far exceeded the maximum residue level established for ETO, with the exact levels of contamination varying depending on the consignment.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

  5. #2197999

    Mar gheall ar an éilliú ETO agus na tiúchain arda de a aimsíodh, chomh maith leis an easpa freagartha maidir leis na bunchúiseanna a bhí le cliseadh na gcóras rialaithe ó na comhlachtaí rialaithe a bhain leis na héillithe sin, atá faoi mhaoirseacht údarás inniúil na hIndia, agus mar gheall ar na bearta ceartaitheacha míchuí a ghlac na comhlachtaí rialaithe sin agus an t-údarás inniúil, cuirtear stóinseacht na rialuithe agus na maoirseachta féin i gcontúirt.

    The occurrence of the ETO contamination and the high concentrations found, as well as the lack of response on the root causes of the failure of the control system from the control bodies involved in those contaminations, which are under the supervision of the Indian competent authority, and the inappropriate corrective measures taken by those control bodies and the competent authority, jeopardise the robustness of the controls and the supervision itself.