Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

4 thoradh in 2 dhoiciméad

  1. #512566

    Tá sé tábhachtach go háirithe go ndéantar monatóireacht rialta i gcás imscrúduithe inmheánacha, chun a áirithiú go bhféadfaidh IDOC nó eintitis choibhéiseacha eile in institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile beart araíonachta nó bearta eile a dhéanamh.

    Regular monitoring is especially important for internal investigations, to ensure that disciplinary action or other measures can be taken by IDOC or equivalent entities in other institutions, bodies, offices or agencies.

    Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (EURATOM) Uimh. 1074/1999

  2. #512560

    Ina theannta sin, i gcásanna ina measann an Oifig, i ndiaidh di imscrúdú inmheánach a dhéanamh agus i bhfianaise nádúr na bhfíoras agus scála an damáiste airgeadais, go bhféadfaidh gníomhaíocht leantach níos iomchuí a dhéanamh le hidirbhearta inmheánacha, ba cheart dó an cás a chur ar aghaidh chuig Oifig Imscrúdaithe agus Araíonachta an Choimisiúin (IDOC) nó chuig na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí lena mbaineann seachas é a chur chuig na húdaráis inniúla náisiúnta bhreithiúnacha.

    Furthermore, in cases where the Office, having carried out an internal investigation, considers that, in the light of the nature of the facts and the scale of the financial damage, internal measures allow for more appropriate follow-up, it should forward the case to the Investigation and Disciplinary Office of the Commission (IDOC) or to the institutions, bodies, office or agency concerned, instead of sending it to the competent national judicial authorities.

    Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (EURATOM) Uimh. 1074/1999

  3. #2626397

    á iarraidh ar an gCoiste dul i mbun tuilleadh gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir leis an gcreat eitice agus maidir le nósanna imeachta do sceithirí; á chur in iúl gur geal léi an cúrsa oiliúna éigeantach atá ann maidir le heitic agus ionracas do gach ball foirne lena n-áirítear daoine nua tar éis cinneadh a glacadh in 2021; á iarraidh ar an gCoiste an oiliúint sin a dhéanamh éigeantach do chomhaltaí agus do bhainisteoirí; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh post mar chomhordaitheoir eitice laistigh de Stiúrthóireacht Acmhainní Daonna agus Airgeadais an Choiste, a fhaigheann tacaíocht ó fhoireann nua comhairleoirí eitice; á chur in iúl gur mór aici gur síníodh comhaontú nua ar leibhéal seirbhíse le hOifig Imscrúdaithe agus Araíonachta (IDOC) an Choimisiúin chun fiosrúcháin riaracháin a ghairmiúlú;

    Asks the Committee to further engage in awareness-raising actions regarding the ethical framework and whistleblowing procedures; welcomes the mandatory training course on ethics and integrity for all members of staff including newcomers following a decision adopted in 2021; calls on the Committee to make this training mandatory for members and managers; welcomes the creation of a post as coordinator on ethics within the Committee’s Directorate for Human Resources and Finances supported by a new team of ethics counsellors; appreciates the signature of a new service level agreement with the Commission’s Investigation and Disciplinary Office (IDOC) to professionalise administrative enquiries;

    Rún (AE) 2022/1704 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VI — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

  4. #2626399

    ag tabhairt go bhfuil ombudsman inmheánach a chur ar bun ar cheann de na príomhbhearta sa phlean gníomhaíochta a glacadh in 2021 chun creat eitice an Choiste a neartú; á chur i bhfios gur mar chomhaontú a fuair tacaíocht ón bhfoireann a cuireadh an cinneadh maidir le hombudsman inmheánach a chur ar bun i láthair, cé gurb é fírinne an scéil gur thug coiste foirne an Choiste tuairim dhiúltach ina leith; ag athdhearbhú an amhrais a chuir coiste foirne agus seirbhís dlí an Choiste in iúl maidir leis an togra a mhéid a bhaineann le neamhspleáchas, neamhchlaontacht agus rúndacht an ombudsman inmheánaigh; ag ceistiú an ghá atá le hombudsman inmheánach den sórt sin i bhfianaise, ar thaobh amháin, na srianta maidir le hacmhainní daonna agus, ar an taobh eile, an ghá atá le comhairleoirí eitice, le comhairleoirí rúnda agus, go háirithe, an leis an gcomhaontú le IDOC; ag tathant ar an gCoiste díriú ar na sásraí a bhaineann leis an eitic atá i bhfeidhm cheana a fhorfheidhmiú agus san am céanna foireann leordhóthanach a úsáid go heisiach le haghaidh a chuid oibre reachtaí, agus aird á díriú ar a éifeachtaí atá na bearta a glacadh i ndáiríre; á mheabhrú gurbh fhacthas don Ombudsman, sa Tuarascáil uaithi ar dhínit ag an obair in institiúidí agus gníomhaireachtaí AE (SI/2/2018/AMF), gur féidir dúshlán ar leith a bheith roimh institiúidí beaga teacht ar imscrúdaitheoirí a mheastar a bheith neamhchlaonta agus cóir agus á mholadh go mbainfí úsáid as imscrúdaitheoirí seachtracha agus neamhspleácha seachas acmhainní inmheánacha chun neamhspleáchas agus neodracht a ráthú;

    Notes that the setting up of an internal ombudsman is one of the key measures in the action plan adopted in 2021 to strengthen the Committee’s ethical framework; points out that the decision to set up an internal ombudsman was presented as an agreement that had been welcomed by staff when, in actual fact, the Committee’s staff committee had expressed a negative opinion on it; echoes the reservations expressed by the Committee’s staff committee and legal service on the proposal with regard to the independence, impartiality and confidentiality of the internal ombudsman; questions the need for such an internal ombudsman in light of, on the one hand, the HR constrictions and, on the other hand, the existence of ethics counsellors, confidential counsellors and, in particular, the agreement with IDOC; urges the Committee to focus on enforcing the ethics-related mechanisms already in place while devoting adequate staff to its legislative work, focusing on the actual effectiveness of the measures adopted; recalls that the Ombudsman, in her Report on dignity at work in the EU institutions and agencies SI/2/2018/AMF, observes that finding investigators who are perceived to be impartial and fair can be particularly challenging in small institutions and recommends the use of external and independent investigators rather than in-house resources in order to guarantee independence and neutrality;

    Rún (AE) 2022/1704 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VI — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa