Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

9 dtoradh in 7 ndoiciméad

  1. #1685395

    Go sonrach, beifear in ann an tsamhail a úsáidtear chun an leibhéal tagartha a chur ar bun a úsáid chun sonraí stairiúla a ghiniúint ón bhFardal Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.

    In particular, the model used to construct the reference level shall be able to reproduce historical data from the National Greenhouse Gas Inventory.

    Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #2172175

    talamh atá ag teacht leis an sainmhíniú ar fhoraois mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta a úsáidtear san fhardal náisiúnta de gháis ceaptha teasa, nó i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, tá sé i gcomhréir le sainmhíniú FAO ar fhoraois.

    land matching the definition of forest as set out in national law used in the national greenhouse gas inventory, or where not available, is in accordance with the FAO definition of forest.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #3031805

    talamh atá ag teacht leis an sainmhíniú ar fhoraois mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta a úsáidtear san fhardal náisiúnta de gháis ceaptha teasa, nó i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, atá i gcomhréir le sainmhíniú FAO ar fhoraois.

    land matching the definition of forest as set out in national law used in the national greenhouse gas inventory, or where not available, is in accordance with the FAO definition of forest.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2486 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, le cosc agus rialú ar thruailliú nó leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí sonrach maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin

  4. #3182360

    Míniú soiléir a thabhairt ar an gcaoi a gcomhlíonann an fardal náisiúnta de gháis ceaptha teasa na réamh-mheastacháin atá san áireamh sa phlean.

    Clearly outline how the revised national greenhouse gas inventory is in line with the projections included in the plan.

    Moladh (AE) 2024/612 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2023 maidir le dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe na Gearmáine lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2030 agus maidir le comhsheasmhacht bhearta na Gearmáine le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus le dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú

  5. #582110

    ciallaíonn "ceartúcháin theicniúla" coigeartuithe ar mheastacháin an fhardail náisiúnta ghás ceaptha teasa déanta i gcomhthéacs an athbhreithnithe de bhun Airteagal 19 den Rialachán seo nuair atá na sonraí fardail curtha ar fáil neamhiomlán nó ullmhaithe ar shlí nach bhfuil ag teacht le rialacha nó treoirlínte ábhartha idirnáisiúnta nó Aontais atá beartaithe teacht in ionad na meastachán a cuireadh ar fáil ar dtús;

    "technical corrections" means adjustments to the national greenhouse gas inventory estimates made in the context of the review carried out pursuant to Article 19 when the submitted inventory data are incomplete or are prepared in a way that is not consistent with relevant international or Union rules or guidelines and that are intended to replace originally submitted estimates;

    Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  6. #582164

    leithdháileadh iarbhír nó réamh-mheasta na n-astaíochtaí fíoraithe tuairiscithe ag suiteálacha agus ag oibreoirí faoi Threoir 2003/87/CE chuig catagóirí foinse an fhardail náisiúnta ghás ceaptha teasa, más féidir, agus cóimheas leis na hastaíochtaí fíoraithe leis na hastaíochtaí iomlána tuairiscithe gás ceaptha teasa sna catagóirí foinse, don bhliain X-2;

    the actual or estimated allocation of the verified emissions reported by installations and operators under Directive 2003/87/EC to the source categories of the national greenhouse gas inventory, where possible, and the ratio of those verified emissions to the total reported greenhouse gas emissions in those source categories, for the year X-2;

    Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  7. #582172

    faisnéis faoina bplean dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta, meastóireacht ghinearálta ar neamhchinnteacht, agus measúnú ginearálta ar iomláine, agus, nuair a bheidh fáil orthu, gnéithe eile den tuarascáil náisiúnta fardail gás ceaptha teasa a theastaíonn chun tuarascáil fardail gás ceaptha teasa an Aontais a ullmhú.

    information on their quality assurance and quality control plans, a general uncertainty assessment, a general assessment of completeness and, where available, other elements of the national greenhouse gas inventory report needed to prepare the Union greenhouse gas inventory report.

    Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  8. #1730130

    ciallaíonn “ceartúcháin theicniúla” coigeartuithe ar mheastacháin an fhardail náisiúnta gás ceaptha teasa arna ndéanamh i gcomhthéacs an athbhreithnithe de bhun Airteagal 38 nuair a bhíonn sonraí an fhardail atá curtha isteach neamhiomlán nó ullmhaithe ar shlí nach bhfuil ag teacht leis na rialacha nó leis na treoirlínte ábhartha idirnáisiúnta nó de chuid an Aontais agus a bhfuil sé beartaithe iad a chur in ionad na meastachán a cuireadh isteach ar dtús;

    ‘technical corrections’ means adjustments to the national greenhouse gas inventory estimates made in the context of the review carried out pursuant to Article 38 when the submitted inventory data are incomplete or are prepared in a way that is not consistent with relevant international or Union rules or guidelines and that are intended to replace originally submitted estimates;

    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  9. #3001528

    Le haghaidh gach modh a úsáidtear, tíolacfaidh an t-eintiteas rialáilte faisnéis maidir leis an gcineál modha, an fachtóir raoin comhbhainteach, an méid breosla arna scaoileadh agus an cód ón bhformáid choiteann tuairiscithe le haghaidh córais náisiúnta fardail gás ceaptha teasa, arna fhormheas ag na comhlachtaí faoi seach de Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (cód Fhormáid Choiteann Tuairiscithe (FCT)), ar an leibhéal mionsonraí atá le fáil.

    For each method used, the regulated entity shall submit information on the type of method, the associated scope factor, released fuel amount and the code from the common reporting format for national greenhouse gas inventory systems, as approved by the respective bodies of the United Nations Framework Convention on Climate Change (Common Reporting Format (CRF) code), at the level of detail available.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2122 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a mhéid a bhaineann leis an bhfaireachán agus an tuairisciú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a thabhairt cothrom le dáta de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle