Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

5 thoradh in 3 dhoiciméad

  1. #513141

    spreagadh a thabhairt le go mbeidh an inrochtaineacht agus an dearadh uilíoch fite fuaite sna curaclaim oideachasúla agus oiliúna do na gairmeacha agus na slite beatha ábhartha uile, go háirithe i réimse na hinnealtóireachta agus na hailtireachta;

    encourage the incorporation of accessibility and universal design in educational curricula and training for all relevant professions and occupations, in particular in the fields of engineering and architecture;

    Conclúidí ón gComhairle maidir le tacú leis an Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020 a chur chun feidhme

  2. #1776141

    Ar aon dul leis an UN CRPD, “ní dhéanfaidh ‘dearadh uilíoch’ feistí cúnta a eisiamh do ghrúpaí áirithe daoine faoi mhíchumas i gcás inar gá sin”.

    In line with the UN CRPD, ’‘universal design’ shall not exclude assistive devices for particular groups of persons with disabilities where this is needed’.

    Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #1776143

    Ba cheart inrochtaineacht agus an dearadh uilíoch a léirmhíniú i gcomhréir le Barúil Ghinearálta Uimh. 2 (2014) maidir le hAirteagal 9:Inrochtaineacht arna scríobh ag an gCoiste um Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

    Accessibility and universal design should be interpreted in line with General Comment No 2(2014) – Article 9: Accessibility as written by the Committee on the Rights of Persons with Disabilities.

    Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #1776139

    Ba cheart inrochtaineacht a bhaint amach trí bhacainní a bhaint agus a chosc ar bhealach córasach, de rogha trí chur chuige an deartha uilíoch nó an “deartha do chách” a úsáid, lena gcabhrófaí le háirithiú go mbeadh rochtain ag daoine faoi mhíchumas a bheadh comhionann le rochtain daoine eile.

    Accessibility should be achieved by the systematic removal and prevention of barriers, preferably through a universal design or ‘design for all’ approach, which contributes to ensuring access for persons with disabilities on an equal basis with others.

    Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #2451221

    Ina theannta sin, ba cheart dearadh uilíoch i gcomhthéacs na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, arb iarracht comhfhiosach agus córasach é chun prionsabail, modhanna agus uirlisí a chur i bhfeidhm go réamhghníomhach chun dearadh uilíoch i dteicneolaíochtaí a bhaineann le ríomhairí a chur chun cinn, lena n-áirítear teicneolaíochtaí atá bunaithe ar an idirlíon, agus ar an gcaoi sin an gá le hoiriúnuithe a posteriori nó dearadh speisialaithe a sheachaint a chur san áireamh.

    Furthermore, Design for All in the context of information and communications technology, which is the conscious and systematic effort to proactively apply principles, methods and tools to promote universal design in computer-related technologies, including internet-based technologies, thus avoiding the need for a posteriori adaptations or specialised design, should be taken into account.

    Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)