Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

52 toradh in 15 doiciméad

  1. #1876327

    I bhfianaise a athraithí agus a theicniúla atá aicmiú na n‐earraí faoi Choinbhinsiún CC, i bhfianaise líon ard na gceisteanna a phléitear i rith an dá chruinniú CCC a reáchtáiltear sa bhliain, agus i bhfianaise na tréimhse giorra ama a bhíonn ar fáil chun na doiciméid a eisíonn Rúnaíocht EDC agus Páirtithe Conarthacha a mheasúnú mar ullmhúchán do chruinnithe CCC agus an gá a bhíonn ann, dá bhrí sin, go gcuirfí forbairtí nua san áireamh sa seasamh ón Aontas, lena n‐áirítear faisnéis theicniúil nua nó faisnéis ábhartha eile a chuirtear i láthair roimh nó le linn chruinnithe CCC, ba cheart na bearta is gá a bhunú, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir institiúidí an Aontais mar a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, le haghaidh shonraíocht an tseasaimh ón Aontais.

    In view of the evolving and highly technical nature of the classification of goods under the HS Convention, the high volume of questions dealt with in the two HSC meetings taking place each year, and the short time available to consider documents issued by the WCO Secretariat and Contracting Parties in preparation of the HSC meetings and the consequent need for the position of the Union to take account of new developments, including new technical and other relevant information presented before or during the meetings of the HSC, necessary steps should be established, in line with the principle of sincere cooperation among the Union institutions enshrined in Article 13(2) of the Treaty on European Union, for the specification of the Union position.

    Cinneadh (AE) 2020/1707 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais san Eagraíocht Dhomhanda Chustaim i ndáil le glacadh Nótaí Míniúcháin, Tuairimí maidir le hAicmiú nó comhairle eile faoi léirmhíniú an Chórais Chomhchuibhithe agus moltaí chun aonfhoirmeacht a chinntiú maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chórais Chomhchuibhithe faoin gCoinbhinsiún ar an gCóras Comhchuibhithe

  2. #3110956

    I bhfianaise a athraithí agus a theicniúla atá aicmiú na n-earraí faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, i bhfianaise líon ard na gceisteanna a phléitear i rith an dá chruinniú de Choiste CC gach bliain, agus i bhfianaise na tréimhse giorra ama a bhíonn ar fáil chun na doiciméid a eisíonn Rúnaíocht EDC agus Páirtithe Conarthacha a mheas mar ullmhúchán do chruinnithe Choiste CC agus an gá a bhíonn ann, dá bhrí sin, go gcuirfí faisnéis nua a chuirtear i láthair roimh na cruinnithe sin nó lena linn san áireamh sa seasamh ón Aontas agus go ngníomhófaí ar an bhfaisnéis sin, ba cheart na bearta is gá a bhunú, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir institiúidí an Aontais mar a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, chun an seasamh ón Aontas a shonrú.

    In view of the evolving and highly technical nature of the classification of goods under the HS Convention, the high volume of questions dealt with in the two HSC meetings per year, and the short timeframe available to consider documents issued by the WCO Secretariat and Contracting Parties in preparation of the HSC meetings and the consequent need for the position of the Union to take into account and to effectively act upon the new information presented before or during such meetings, necessary steps should be established, in line with the principle of sincere cooperation among the Union institutions enshrined in Article 13(2) of the Treaty on European Union (TEU), for the specification of the position of the Union.

    Cinneadh (AE) 2023/2898 ón gComhairle an 19 Nollaig 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (EDC) i ndáil le glacadh Nótaí Míniúcháin, Tuairimí maidir le hAicmiú nó comhairle eile faoi léiriú an Chórais Chomhchuibhithe agus moltaí chun aonfhoirmeacht a chinntiú maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Chórais Chomhchuibhithe faoin gCoinbhinsiún ar an gCóras Comhchuibhithe