Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

53 toradh in 39 doiciméad

  1. #1976713

    Is iomchuí go leagfaí síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla leis na cinntí leasaitheacha atá le glacadh ina gceangal ar an Aontas a mhéid a bhaineann leis an trádáil idirnáisiúnta le comhaltaí eile na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa (IOC) agus féadfaidh tionchar cinntitheach a bheith ag na cinntí sin ar a bhfuil i ndlí an Aontais, is é sin caighdeáin mhargaíochta maidir le hola olóige arna nglacadh leo ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    It is appropriate to establish the position to be taken on behalf of the Union within the Council of Members, as the amending decisions to be adopted will have legal effects on the Union as regards international trade with the other members of the International Olive Coucnil (IOC) and will be capable of decisively influencing the content of Union law, namely on marketing standards concerning olive oil adopted by the Commission pursuant to Article 75 of Regulation (EU) No 1308/2013 of the European Parliament and of the Council.

    Cinneadh (AE) 2021/1054 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh I gComhairle Chomhaltaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa, a mhéid a bhaineann le caighdeáin trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige agus an modh anailíse chun an cion de stiogmastaidhé-éin in olaí plandúla a chinneadh

  2. #1992733

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh leasaitheach atá le glacadh ar an Aontas a mhéid a bhaineann leis an trádáil idirnáisiúnta le comhaltaí eile den Chomhairle Idirnáisiúnta um Ológa (IOC) agus go bhféadfaidh sé tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta maidir le hola olóige arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    It is appropriate to establish the position to be taken on behalf of the Union within the Council of Members, as the amending decision to be adopted by the Council of Members will have legal effects on the Union as regards international trade with the other members of the International Olive Council and will be capable of decisively influencing the content of Union law, in particular as regards marketing standards concerning olive oil adopted by the Commission pursuant to Article 75 of Regulation (EU) No 1308/2013 of the European Parliament and of the Council.

    Cinneadh (AE) 2021/2025 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Chomhaltaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa, a mhéid a bhaineann le caighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige

  3. #2556277

    Chun an modh IOC a úsáid chun saintréithe orgánaileipteacha olaí olóige íona a mheas, is gá nós imeachta a bheith ar fáil chun déileáil le cásanna neamhréireachta idir an chatagóir atá dearbhaithe agus an catagóir a shann an painéal blaiste.

    The use of the IOC method for the evaluation of the organoleptic characteristics of virgin olive oils requires that a procedure be available for dealing with cases of discrepancy between the category declared and that assigned by the tasting panel.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le seiceálacha comhréireachta ar chaighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige agus modhanna anailíse ar shaintréithe ola olóige