#3023234
Sa Rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir le plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus le hathléimneacht an Aontais, thug Parlaimint na hEorpa chun suntais go bhfuil aitheantas tásc geografach le haghaidh táirgí neamhthalmhaíochta ábhartha do thosaíochtaí chláir an Aontais atá á bhforbairt faoi láthair, ag cur i dtreis di a tacaíocht don Choimisiún sa tionscnamh atá aige cosaint éifeachtach thrédhearcach ar leibhéal an Aontais a bhunú le haghaidh tháirgí neamhthalmhaíochta, ar bhonn measúnú tionchair críochnúil chun ailíniú, inter alia, le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (‘Ionstraim na Ginéive’), lena bhforáiltear maidir le rogha tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí talmhaíochta agus neamhthalmhaíochta araon.
In its Resolution of 11 November 2021 on an intellectual property action plan to support the EU’s recovery and resilience, the European Parliament highlighted the fact that the recognition of geographical indications for non-agricultural products is relevant for the priorities of the Union programmes currently in development, underlining its support for the Commission’s initiative to establish, on the basis of a thorough impact assessment, effective and transparent protection at Union level for geographical indications for non-agricultural products, in order to align with, inter alia, the Geneva Act of the Lisbon Agreement on Appellations of Origin and Geographical Indications (‘the Geneva Act’) which provides for the possibility of protecting geographical indications for both agricultural and non-agricultural products.