Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

60 toradh in 29 doiciméad

  1. #2908794

    I bhfianaise na gconclúidí ar thángthas orthu maidir le mainneachtain Oileán na Tríonóide agus Tobága ina dhualgais faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh mar Stát brataí, mar Stát calafoirt, mar Stát cósta nó mar Stát margaidh agus gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, ba cheart an tír sin a shainaithint, i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac i gcoinne iascaireacht NNN.

    In view of the conclusions reached with regard to Trinidad and Tobago’s failure to discharge its duties under international law as flag, port, coastal or market State and to take action to prevent, deter and eliminate IUU fishing, this country should be identified, in accordance with Article 31 of the IUU Regulation, as a non-cooperating third country in fighting against IUU fishing.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2051 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena sainaithnítear Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte

  2. #2923161

    I gCinneadh an 21 Aibreán 2016, rinne an Coimisiún anailís ar dhualgais Oileán na Tríonóide agus Tobága agus rinne sé meastóireacht ar a chomhlíontacht lena oibleagáidí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cóstaStát margaidh.

    In the Decision of 21 April 2016, the Commission analysed the duties of Trinidad and Tobago and evaluated its compliance with its international obligations as flag, port, coastal or market State.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2517 ón gComhairle an 9 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, a mhéid a bhaineann le Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága

  3. #2927259

    Rinneadh an beart ullmhúcháin idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag 2022 agus dhá chuspóir leis: ar an gcéad dul síos, sonraíochtaí teicniúla a shainaithint agus a fhorbairt do chóras Faisnéise, Faireachais agus Taiscéalaíochta (ISR) agus critéir oibiachtúla agus thrédhearcacha a sholáthar le go bhféadfar a shuíomh a roghnú, agus, ar an dara dul síos, chun measúnú a dhéanamh ar chabhlaigh stát cósta Mhurascaill na Guine chun na cuspóirí is oiriúnaí, go teicniúil agus go polaitiúil, a shainaithint eatarthu chun cuspóirí an bhirt chúnaimh a bhaint amach.

    The preparatory measure was conducted between September and December 2022 with the twofold objective of, first, identifying and developing technical specifications for an Intelligence, Surveillance and Reconnaissance (ISR) system and of providing objective and transparent criteria to enable the choice for its location, and, second, of assessing the navies of the GoG coastal states in order to identify among them the most technically and politically suitable to achieve the objectives of the assistance measure.

    Cinneadh (CBES) 2023/2682 ón gComhairle an 27 Samhain 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le gníomhaithe míleata agus cabhlaigh na stát cósta atá páirteach in oibríochtaí slándála muirí i Murascaill na Guine

  4. #2996135

    maidir leis na teachtaireachtaí faoi shuíomh an tsoithigh a tharchuirfear ó na soithigh a bhfuil a bhratach ar foluain acu agus é ag oibriú in uiscí faoi dhlínse Stáit cósta, áiritheoidh sé, i gcomhar leis an Stát cósta sin, go ndéanfar na teachtaireachtaí sin a tharchur go huathoibríoch agus i bhfíor-am chuig LFI an Stáit cósta sin a thugann údarás don ghníomhaíocht.

    ensure, in cooperation with the coastal State, that the position messages transmitted by the vessels flying its flag while operating in waters under the jurisdiction of that coastal State are also transmitted automatically and in real time to the FMC of the coastal State thathas authorised the activity.

    Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107 agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627

  5. #3138440

    Tabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil dlínse aige maidir le sárú fógra, gan mhoill agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme faoin dlí náisiúnta, don Stát brataí, an Stát ar náisiúnach de an duine nádúrtha a rinne an sárú nó áit a bhfuil an duine dlítheanach atá faoi dhliteanas i leith an tsáraithe bunaithe, agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh siad fógra don Stát cósta, don Stát calafoirt nó don Stát ina ndéantar an phróiseáil, faoi aon rialú críochnaitheach a bhaineann leis an sárú sin.

    The competent authorities of the Member State having jurisdiction in respect of an infringement shall, without delay and in compliance with the applicable procedures under national law, notify the flag State, the State of which the natural person having committed the infringement is a national or where the legal person held liable for the infringement is established, and, where appropriate, the coastal State, port State or the State in which the processing takes place, of any definitive ruling related to such infringement.

    Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach

  6. #3200153

    Féadfaidh an Stát cósta lena mbaineann soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarú le hiascaireacht a dhéanamh in uiscí faoi dhlínse iascaigh Oileáin Fharó, na Graonlainne agus na hIorua, agus sa limistéar iascaireachta mórthimpeall Jan Mayen faoi réir na TACanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 22 den Rialachán seo, i gCuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, agus i Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Rialacháin sin.

    Union fishing vessels may be authorised by the coastal State concerned to fish in waters under the fisheries jurisdiction of the Faroe Islands, Greenland, Norway and in the fishing zone around Jan Mayen subject to the TACs set out in Annex I to this Regulation and subject to the conditions provided for in Article 22 of this Regulation, Part A of Annex V to this Regulation and in Regulation (EU) 2017/2403 of the European Parliament and of the Council and delegated acts adopted by the Commission on the basis of that Regulation.

    Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194

  7. #3200733

    Is iomchuí, dá bhrí sin, na TACanna le haghaidh scadáin agus ronnaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh a shocrú ar leibhéal na ndeiseanna iascaireachta a comhaontaíodh i dTaifid Chomhaontaithe na Stát cósta agus i moltaí NEAFC.

    It is therefore appropriate to set the TACs for Atlanto-Scandian herring and mackerel in the north-east Atlantic at the level of fishing opportunities agreed in the respective coastal States Agreed Records and NEAFC recommendations.

    Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194

  8. #3200734

    Is iomchuí freisin TAC le haghaidh faoitíní gorma san Atlantach Thoir Thuaidh a shocrú ar leibhéal na ndeiseanna iascaireachta a leagtar amach i dTaifead Comhaontaithe na Stát cósta maidir le faoitíní gorma agus i gcomhréir le seasamh an Aontais a cuireadh in iúl in NEAFC.

    It is also appropriate to set the TAC for blue whiting in the north-east Atlantic at the level of the fishing opportunities set out in the coastal States Agreed Record for blue whiting and in line with the Union position expressed in the NEAFC.

    Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194

  9. #3252514

    Laistigh de theorainneacha na gcuótaí sin, agus i gcomhaontú leis an Stát cósta ábhartha, ní fhéadfar níos mó ná na cainníochtaí a thugtar thíos a ghabháil freisin sa dá limistéar seo a leanas:

    Within the limits of these quotas, and in agreement with the relevant coastal State, no more than the quantities given below may also be taken in the two following zones:

    Rialachán (AE) 2024/1015 ón gComhairle an 26 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad

  10. #1988550

    Tá an Coiste Speisialaithe um Iascach freagrach as bearta a ghlacadh, lena n-áirítear cinntí agus moltaí, chun tacú le cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 494 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, go háirithe an cuspóir maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh stoic chomhroinnte in uiscí na bPáirtithe a áirithiú, go mbeidh siad inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de, go rannchuideoidh siad le tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta a bhaint amach, agus cearta agus oibleagáidí na Stát cósta neamhspleách á n-urramú go hiomlán de réir mar a fheidhmíonn na Páirtithe iad, agus go rannchuideoidh siad leis an gcuspóir maidir le stoic chomhroinnte a shaothrú ar rátaí lena mbeartaítear pobail na speiceas a shaothraítear a chothabháil agus a athbhunú de réir a chéile os cionn na leibhéal bithmhaise lenar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach.

    The Specialised Committee on Fisheries is responsible for the adoption of measures, including decisions and recommendations, in support of the objectives set out in Article 494 of the Trade and Cooperation Agreement, in particular the objective of ensuring that fishing activities for shared stocks in the Parties’ waters are environmentally sustainable in the long term and contribute to achieving economic and social benefits, while fully respecting the rights and obligations of independent coastal States as exercised by the Parties, and the objective of exploiting shared stocks at rates intended to maintain and progressively restore populations of harvested species above biomass levels that can produce the maximum sustainable yield (MSY).

    Cinneadh (AE) 2021/1765 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, le haghaidh na tréimhse 2021–2026, sa Choiste Speisialaithe um Iascach arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile