#2784885
D’aithin an tÚdarás Eorpach Saothair, ina thuarascáil dar teideal ‘Report on labour shortages and surpluses’ (‘Tuarascáil maidir le ganntanais agus barrachais sa lucht saothair’], agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil, ina thuarascáil dar teideal ‘Cybersecurity skills development in the EU’ (‘Forbairt scileanna cibearshlándála san Aontas’], go raibh 28 ngairm mar ghairm ina raibh ganntanas scileanna in 2021, lena n-áirítear sna hearnálacha cúraim sláinte, fáilteachais, tógála agus seirbhíse, agus sainaithníodh ganntanas speisialtóirí TF agus slándála, go háirithe saineolaithe cibearshlándála, agus oibrithe a bhfuil cúlra eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice. De réir a chéile, is é an srian is mó ar aistrithe glasa agus digiteacha rathúla an easpa oibrithe a bhfuil na scileanna cearta acu. D’fhéadfadh ganntanas lucht saothair, i gcásanna áirithe, a bheith mar thoradh ar phoist neamhtharraingteacha agus ar dhrochdhálaí oibre. Tá sé tábhachtach dul i ngleic leis na saincheisteanna sin, trí thairiscintí post ar ardchaighdeán agus trí bheartais choinneála, ar mhaithe le margadh saothair dea-fheidhmiúil. I roinnt mhaith Ballstát, meastar go gcuirfear dlús le haosú déimeagrafach sa deacáid amach romhainn de réir mar a rachaidh glúin an ‘bhabaíbhorrtha’ ar scor, rud a threiseoidh an gá atá le leas iomlán a bhaint as acmhainneacht iomlán na ndaoine fásta uile atá in aois oibre, beag beann ar a mbunadh, trí infheistíochtaí leanúnacha a dhéanamh ina gcuid scileanna chomh maith le níos mó daoine a ghníomhachtú, go háirithe mná agus daoine óga, go háirithe iad siúd nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) toisc go bhfuil dúshláin shonracha roimh na grúpaí sin a chuireann bac ar a rannpháirtíocht i margadh an tsaothair.
The European Labour Authority, in its report entitled ‘Report on labour shortages and surpluses’, and the European Union Agency for Cybersecurity, in its report entitled ‘Cybersecurity skills development in the EU’, identified that 28 occupations were classified as having skills shortages in 2021, including in the healthcare, hospitality, construction and service sectors, and identified shortages of IT and security specialists, in particular cybersecurity experts, and workers with a science, technology, engineering and mathematics background. Increasingly, the biggest constraint to the successful green and digital transitions is the lack of workers with the right skills.