#1171503
Déanfaidh an t-oifigeach ceannais, ag an am a bheidh socraithe do chríochnú na vótaíochta, bearta chun a áirithiú nach ligfear aon toghthóirí eile isteach sa stáisiún vótaíochta agus, faoi réir an choinníll go mbeidh toghthóir a bheidh san áitreabh ag an am sin i dteideal páipéar ballóide a fháil agus vótáil a dhéanamh, déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta, a luaithe is féidir tar éis críochnú na vótaíochta, agus i láthair ghníomhairí na n-iarrthóirí, gach bosca ballóide a shéalú, gan é a oscailt ach an eochair a bheith ceangailte de, ionas nach féidir a thuilleadh páipéar a chur isteach ann, agus cuirfidh sé i bpaicéid ar leith a shéalóidh sé lena shéala—
The presiding officer shall, at the time fixed for the close of the poll, take steps to ensure that no further electors are admitted to the polling station and, subject to the proviso that an elector on the premises at that time shall be entitled to receive a ballot paper and to vote, the presiding officer at each polling station, as soon as practicable after the close of the poll, shall, in the presence of the agents of the candidates, seal each ballot box, unopened but with the key attached, so that no further papers can be inserted therein and make up into separate packets sealed with his seal—