Gaois

áthas an domhain

Leathnath

Ceannfhocail

áthas, domhan

Cur síos

Ríméad; gliondar croí.

Samplaí corpais

  • "Ní mór dhom an chailís a thabhairt chúgat, a rígan, chómh luath agus d'fhéadfad é, agus ansan bheith ag faire chúgham." Bhí áthas an domhain ar Ghormfhlaith. Ní raibh aon chuimhneamh aici go ndéanfadh an buachail sin a leithéid de ghníomh, agus é dhéanamh chómh ciúin, chómh gasta.

    Foinse: Niamh

    Leathanach: 103

  • Nuair ná glacfí aon díoluigheacht eile uaithi do bhronn sí an brat ar an inghín. Bhí áthas an domhain ar an inghín. Chimeád sí an brat i bhfolach chómh maith agus d'fhéad sí é. Ní thabharfadh sí ar ór ná ar airgead é.

  • Cad é mar obair dom' dhuine féin labhairt liom ar an gcuma san! Nár chóir go mbéadh 'fhios aige go bhfuil daoíne ag éisteacht leis agus go mbéadh áthas an domhain ortha leathsgéal maith a dh'fhághail chun eiríghe as an obair?

Úsáid

Cuireann 'domhan' béim bhreise ar an nath.

Samplaí breise

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.