scamall os comhair a shúl
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Mearbhall ar dhuine; meadhrán i gceann duine.
Samplaí corpais
Nuair a chonaic Séadna an t-athrughadh agus nuair airigh sé fuaim agus neart na búirthe sin ag borradh agus ag árdughadh, do dhéin an tigh bullabáisín 'na thímpal, tháinig sgamal os cómhair a shúl agus do thuit sé 'na chnaipe ar an úrlár gan aithne gan úrlabhra.
Crostagairtí
Míniú breise
- Tháinig meadhrán ina cheann.
- Mearbhall ina cheann (ón ngluaiseacht). Ar tí titim i laige. Chuir san isteach ar radharc na súl gan dabht (nó na baill bheatha eile chomh maith).
- Tháinig meabhrán agus scáth ar a shúile, meascán mearaí.
Samplaí breise
Tá scamall éigin anuas ort = donas, mallacht éigin anuas ort. Is mó an scamall tú le crostáil.