soir siar
FíornathCeannfhocail
Cur síos
Scaipeadh ruda i ngach aon treo; deireadh a chur le rud.
Samplaí corpais
Agus dá bhfeiceadh sé beirt i riocht tuitim amach le chéile, bhéadh an fhearg soir siar agus bhéidís ag gáirídhe sul a mbéadh dhá fhocal cainte déanta aige eatartha.
Bhíodh cosg curtha aici le droch obair go minic sar a'm bíodh uain ag an ndroch obair ar theacht, agus an droch obair a bhíodh tagaithe, is minic a bhíodh sé curtha ar neamhnídh aici, curtha soir siar aici, sar a'm bíodh uain aige ar aon díobháil a dhéanamh, nó sar a'm bíodh uain aige ar phuinn díobhála dhéanamh.
Do dheabhrochadh an sgéal gur chuir na h-oibreacha san go léir, go mór mór na daingeana láidire, gur chuireadar an t-eirighe amach soir siar as aigne na ndaoine. Pé'r domhan é ní'l aon trácht sa tseanachas ar aon eirighe amach i gcaitheamh an dá bhliain déag san.
Crostagairtí
Samplaí breise
1. Scaip siad soir siar, they scattered east and west, in all directions.
Cuirim soir siar é, I scatter it.
Chaitheadar soir siar an scéal, they gave up discussing the matter.