gan (aon) chnámh a fhágáil slán ina chorp
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Brúite, basctha ina chorp.
Samplaí corpais
Má theipean ar Chormac teacht suas leó, – an mhuíntir go bhfuil a gcuid caillte acu tar éis an lae, má's filleadh anso dhóibh agus a gcuaird i n-aistear acu, déarfaidh gach aoinne gur mise fé ndear é, mura mbéadh gur thugas rabhadh dhóibh ná béidís imthighthe chómh tapaidh. Ní fágfar cleith os cionn mo chinn, ná aon chnámh slán am' chorp.
Úsáid
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Míniú breise
- Gach ball ann gortaithe, leointe.
- Buafar glan air.
- Briste brúithe bascaithe.
- Do fuair sé bataráil uathbhásach.
Samplaí breise
I am sore all over, níl aon bhall slán i mo chorp.