lán a chroí (de)
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Treise an mhothúcháin a chur in iúl.
Samplaí corpais
Tar éis bhriseadh Chionntsáile, bíodh gur ag na Gallaibh a bhí an buadh, bhí lán a gcroídhe d'eagla acu roimis na Gaedhlaibh.
Bhí lán a chroidhe de sgannra ar an uile dhuine acu aon fhocal do labhairt i gcoinnibh na h-oibre le h-eagla gur bh'as a thigh féin a bainfí an tsail úd, agus gur bh'é féin a tárnálfí uirthi.
D'athruigh an bhuaidhirt láithreach, agus bhí lán a chroidhe d'áthas ar gach aoinne: ach ní raibh aon teora le n-ar deineadh de mhagadh fé Laoghaire mar gheall ar an sgeon a ghlac sé, agus mar gheall ar an rith adhein sé le n'anam, agus go mór mór mar gheall ar a leithéid de sgannradh theacht air ná feidir sé cé'cu beo nó marbh a bhí an bheirt eile.
Úsáid
Is féidir comhpháirt amháin (croí) den nath seo a idirmhalartú le roinnt ainmfhocal eile: ceann, súil.
Crostagairtí
Samplaí breise
Lán bhúr gcinn d'éad, "the full of your heads of jealousy."
Lán mo chroidhe, as much as I could desire, plenty.