gol an gháire
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Gáire a ndíolfar as sa todhchaí.
Samplaí corpais
Ach "gol an gháire," na pianta a thagann ó thoil a thabhairt dos na mianaibh sin, siniad na neithe a chuireann fhiachaint ar dhaoine fuath a thabhairt do'n tsaoghal agus gráin a bheith acu air.
Droch-chómharsanacht is eadh bheith ag magadh agus ag fonomhaid fé dhaoine. Ní raibh an rath riamh ar a leithéid. Ná dein-se indiu gáire nách ceart duit a dhéanamh, le heagla go ndéanfá gol an gháire sin amárach.
Bhíodar ag gáiridhe nuair a bhíodar ag imtheacht agus mo chléibhín acu. Do réir an fhuadair atá fé Ó Conchubhair anois measaim nách fada go mbeidh gol an gháire sin acu.
Míniú breise
- Díol as an spórt - beidh brón ort dá bharr "fileann an feall." Hoist on your own petard.
- Go bhfillfeadh sé air féin.
- Ní cóir bheith ag magadh fé dhaoine.
- Ní fada ón ngáire an gol, leanann gol gáire.
- Toradh an gháire, d'iompódh cúrsaí amáireach agus bheadh ábhar goil agat.
- An té a bhíonn ag gairí agus ag magadh fé dhuine tá baol ann go mbeidh sé féin ag gol le brón amaireach.
- Úsáidtear an nath seo, an gáire, as taitneamh agus toil a bhaint as droch-mhianta an t-saoil agus, an gol, as na pianta, an féin-locht agus an dochar a leanann é.
Samplaí breise
Gol an gháire a bhí aige, etc., the cry of [i.e., belonging to] the laugh that he had a week ago. The expression seems to assume a sort of law of compensation, as is every laugh should be balanced sooner or later by tears.
Beidh gol an gháire a bhí anuraidh agat (ó ciainibh agat) = Goilfir de mar gheall ar sin fós.
Beidh gol an gháire a bhí anuraidh agat = atá déanta agat - díolfair as san fós.
2. Laugh. Tá gol a ngáire acu anois, the laugh is against them now.