mac na míchomhairle
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Seachránaí nó duine a mbíonn drochthionchar aige ar dhuine eile.
Samplaí corpais
D'innis sé dhóibh i dtaobh an mhic úd na mí-chómhairle a dh'imthigh ó'n athair agus do sgaip a chuid i ndúthaigh iasachta, agus a bhí ag fághail bháis leis an ocras go dtí go ndubhairt sé i n'aigne, "Raghad thar n-ais ag triall ar m'athair agus luighfad isteach am' sheirbhíseach aige."
Bhí sgéal mhic na mí-chómhairle oireamhnach go maith do sna Iúdaígh uaisle, do sna Fairisínigh agus do sna Sgríbhneóiríbh, agus d'á leitheidíbh. Thug Maois dóibh an saidhbhreas spirideálta.
Do thaisbeáin an sgéal dóibh cad ba cheart dóibh a dhéanamh chun an bhídh spirideálta d'fhághail, gur cheart dóibh déanamh mar a dhein mac na mí-chómhairle, teacht thar n-ais chun an Athar Síoruidhe. Agus do b'uathbhásach an sampla ar thrócaire an Athar Síoruidhe athair an mhic sin na mí-chómhairle.
Úsáid
Comhthéacs reiligiúnda amháin aimsithe.
Samplaí breise
Mac na míchomhairle, the erring son; contrary fellow, scapegrace.
mac na míchomhairle, a wilder, a lad of erring ways