an t-anam a bhaint (as)
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Duine a mharú; áibhéil chun treise an mhothúcháin a léiriú.
Samplaí corpais
D'á bhrígh sin, ní'l ar chumas an duine, as a ghustal nádúrtha féin gníomh aithrighe a dhéanamh as a bhfaghadh sé maitheamhnachas i bpeacadh. Ní'l aon rud iongantach ansan. D' fhéadfadh duine, cuir i gcás, an t-anam a bhaint a' duine eile. Ansan do thiocfadh cathughadh air, b' fhéidir.
Agus bhí féile an toirbheartha i n-Ierúsalem, agus sa gheimhreadh ab eadh é. Agus bhí Íosa ag siubhal sa teampul, i bpóirse Shalomóin. Agus tháinig na Iúdaigh 'n-a thímpal, agus bhíodar 'ghá rádh leis: An fada a leanfair ag baint an anama asainn? Má's tú Críost, innis dúinn é go soiléir.
"Tar agus deinimís araon socarú eadarainn féin. Tógfad m'inghean ó Alegsandar so agus tabharfad duit-se í, agus beidh tú ad' rí ar rígheacht t'athar. Tá cathú orm í thabhairt riamh dó. Thug sé iarracht ghrána fé'n anam a bhaint asam."
Crostagairtí
Samplaí breise
Do thuit an t-anam as, he dropped dead. Bainfad an t-anam as, I will kill him.
2. Life. Bhain tú an t-anam asam, you frightened the life out of me.