ag titim ar a chosa (le)
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Lagar a theacht ar dhuine.
Samplaí corpais
Nuair a chonnaic Sanchó na daoine, dar leis, agus na léinteacha geala ortha do chrom a fhiacala ar bheith ag bualadh ar a chéile, agus bhí sé i riocht tuitim ar a chosaibh le neart eagla.
Thug sé aghaidh amach fé'n bhfásach. Bhí sé ag cur de ag siubhal tríd an bhfásach go dtí go raibh sé ag tuitim ar a chosaibh le tuirse agus leis an ocaras.
Chomh luath agus do tháinig an focal san is amhlaidh a bhí a raibh láithreach ag tuitim ar a gcosaibh le sult ag magadh fé Sheán mhac an Iarla.
Samplaí breise
Thit sé i mbun a chos, he collapsed.
tuitim i gceann mo chos (or ar mo chosaibh, as mo sheasamh), I collapse on my feet