filleadh ná feacadh a bhaint (as)
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Rud nach féidir bogadh a baint as.
Samplaí corpais
An t-é atá curtha ag an bhfírinne fé n-a smacht féin, ní fhéadfaidh an saoghal mór é spriocadh chun baoise. An t-é go bhfuil a mhainighin go léir as Dia aige ní bhainfidh guth daoine, 'ghá mholadh, filleadh ná feacadh as.
Bhí scrugal caol ar an gcrúsca. D'fhéuch an príochán síos ann. Chonaic se an t-uisge thíos ácht bhí an scrugal ró chaol agus ní fhéadfadh sé a cheann do chur síos. Chuir sé chum an chrúsca do leagadh acht ní fhéadfadh sé filleadh ná feacadh bhaint as.
"Tá óigbhean ansan thiar," arsa 'n Fear Dubh, "agus ó'n lá a baisteadh í go dtí an lá atá indiu ann tá teipithe orm glan filleadh ná feacadh bhaint as a toil 'ná as a h-aigne."
Úsáid
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Samplaí breise
Ní thig liom filleadh ná feacadh, feacadh ná fiaradh, a bhaint as, I can't bend it in the least; I can't make him budge.
níor fhéadas filleadh ná feacadh bhaint as, I could not twist it or turn it.