Gaois

Téarmaí cosúla:

Bailiúchán téarmaí dlí a baineadh as Rialacha na nUaschúirteanna. Breis eolais »

3 thoradh

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343519

    ráiteas fir1
    ga
    gu ráitis, ai ráitis, gi ráiteas

    Beidh i ngach breithiúnas nó ordú, cibé slí a bhfaighfear é, chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa ráiteas i dtaobh na suimeanna is iníoctha i leith cíosa agus costas fuascailte.

    Every judgment or order, however obtained, for the recovery of land for non-payment of rent shall contain a statement of the amounts payable in respect of rent and costs for redemption.

    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure

    #343545

    ráiteas a dhéanann an gearánaí i gcás cúirte a chuireann in iúl fírinne an údair ghearáin atá aige in aghaidh an chosantóra agus a shonraíonn an faoiseamh atá á lorg aige

    I gcás toghairme iomlánaí, beidh fógra sa mheabhrán ina luafar ráiteas éilimh a bheith nó gan a bheith ag teastáil ón gcosantóir.

    In the case of a plenary summons, the memorandum shall include a notice stating whether the defendant requires a statement of claim or not.

    • Dlí » Dlí Tráchtála Law » Commercial Law

    #343518

    Má bhíonn aon fhadú ar an tréimhse ama chun an ráiteas gnóthaí a chur isteach ag teastáil ó aon duine, ní mór dó an fadú sin a iarraidh ar an gCúirt.

    When any person requires any extension of time for submitting the statement of affairs, he shall apply to the Court for such extension.