Gaois

A collection of miscellaneous terms compiled as part of the LEX project. More information »

15 results

    • Innealtóireacht Engineering
    • Gnó › Fostaíocht Business › Employment

    #2408

    innealtóir fir3
    ga
    gu innealtóra, iol innealtóirí

    Ní cheadóidh an máistir agus an príomhinnealtóir d'aon innealtóir a bheith i bhfeighil faireacháin innealtóireachta mura mbeidh deimhniú ag an innealtóir sin chun a dhéanta.

    The master and chief engineer shall not permit any engineer to be in charge of an engineering watch unless that engineer is duly certificated to do so.

    • Innealtóireacht Engineering
    • Gnó Business

    #5054

    príomhinnealtóir fir3
    ga
    gu príomhinnealtóra, iol príomhinnealtóirí

    Ní ghníomhóidh aon oifigeach innealtóireachta i gcáil príomhinnealtóra nó dara innealtóir mura mbeidh deimhniú inniúlachta nó deimhniú seirbhíse den aicme iomchuí a cheanglaítear le Cuid I de Sceideal 1 a ghabhann leis na Rialacháin seo, ina sheilbh aige.

    No engineer officer shall act in the capacity of chief engineer or second engineer unless he holds a certificate of competency or certificate of service of the appropriate class required by Part I of Schedule 1 to these Regulations.

    • Innealtóireacht Engineering

    #326

    Príomhoifigeach innealtóireachta a mbeidh ina sheilbh deimhniú inniúlachta nó seirbhíse iomchuí (gaile nó mótair) den aicme a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin i ndáil leis an tuairisc loinge atá leagtha amach i gcolún (2) den Tábla sin.

    Carry a chief engineer officer holding an appropriate (steam or motor) certificate of competency, or certificate of service, of the class specified in column (3) of that Table in relation to the description of ship set out in column (2) of that Table.

    • Innealtóireacht Engineering
    • Míleata Military

    #580

    Ciallaíonn "deimhniú seirbhíse (oifigeach innealtóireachta)" deimhniú seirbhíse (oifigeach innealtóireachta) arna dheonú de réir na Rialachán seo.

    Certificate of service (engineer officer)" means a certificate of service (engineer officer) granted in accordance with these Regulations.

    • Innealtóireacht Engineering
    • Muirí Marine

    #6197

    Ciallaíonn "oifigeach innealtóireachta muirí cáilithe" oifigeach innealtóireachta de roinn innealtóireachta loinge lena mbaineann na Rialacháin seo a bheidh cáilithe de réir Rialachán 4 (2) de na Rialacháin seo.

    "Qualified marine engineer officer" means an engineer officer of the engineering department of a ship to which these Regulations apply who is qualified in accordance with Regulation 4 (2) of these Regulations.

    • Innealtóireacht Engineering

    #581

    An tOrdú Tobhaigh Oiliúna Tionscail (An Tionscal Innealtóireachta), (Uimh. 2), 1981 is teideal don Ordú seo.

    This Order may be cited as the Industrial Training Levy (Engineering Industry) (No. 2) Order, 1981.

    • Innealtóireacht Engineering
    • Míleata Military

    #309

    Tréimhse dar críoch an lá a iompróidh an long oifigeach innealtóireachta muirí cáilithe i gcáil an oifigigh innealtóireachta muirí sin.

    A period ending with the day on which the ship carried a qualified marine engineer officer as that marine engineer officer.

    • Innealtóireacht Engineering
    • Muirí Marine

    #5707

    Má cheanglaítear ar oifigeach innealtóireachta seachas an príomhinnealtóir agus an dara hinnealtóir a bheith freagrach go díreach as lasta a lódáil, a dhíluchtú agus as cúram a dhéanamh de le linn iompair nó láimhseála, ní mór don oifigeach sin deimhniú formhuinithe dá shamhail sin a bheith aige.

    If an engineer officer other than the chief engineer and second engineer is to have immediate responsibility for loading, discharging and care in transit or handling of cargo that officer shall hold a similarly endorsed certificate.