ceangal na gcúig gcaol
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Ceangal daingean docht a chur ar dhuine (go fisiciúil nó go meafarach).
Samplaí corpais
Ach isé rud a chuirean ar deargbhuile me 'ná an chuma 'n-a mbíon aicme daoine ag gabháil de chosaibh ionam, am ithe agus am' ídiú, agus aicme eile ag cur ceangail na gcúig gcaol orm mar a curfí ar chuirptheach fánaidhe n-a mbeadh rian an iarainn dhirig air.
Na daoine a bhí beó i n-Éirinn an uair sin agus gan acu ach an Ghaeluinn, is amhlaidh a bhí ceangal na gcúig gcaol ar a n-aigne chómh fada agus chuaidh gnóthaí saoghalta.
Samplaí breise
Ceangal na gcúig gcaol, the binding of the five slenders, the neck, the two wrists and the two ankles. Any narrow channel of water connecting two large pieces of water; a strait. The word is also applied to a long green narrow marsh.
1. (a) (of body, limb) Ceangal na gcúig gcaol a chur ar dhuine, to bind someone hand and foot.
Cuireadh ceangal na gcúig gcaol air. Cuireadh ceangal daingean do-sgaoilte air; ceangal nárbh fhéidir a sgaoileadh.
1. a. He was bound hand and foot, bhí ceangal na gcúig gcaol air.
6. Ceangal na gcúig gcaol. Ceangal ar chaol an mhuiníl, ar chaol an dá lámh, agus ar chaol an dá chos. Ceangal cos agus lámh, ceangal docht daingean doscaoilte.
Ceangal na gcúig gcaol: ceangal daingean docht a chur ar dhuine: ceangal na lámh, na gcos, srl.