Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
ar iompáil na boise
Nath fáthchiallach
Ceannfhocail: bas, iompáil
Cur síos:
Láithreach bonn baill.
Samplaí corpais
Ní h-áthas iomlán an t-áthas san. D' fhéadfadh droch ghaoth, nó coiscéim anacair, nó lán béil de bhiadh ná béadh foláin, an t-áthas san do lot ar iompáil na baise. Is fada ó áthas iomlán an t-áthas is féidir a chur chun siúbhail chómh h-uiriste sin.
Foinse
Seanmóin agus Trí Fichid I
Leathanach
228
Crostagairtí
ar nóiméad na boise
ar leagadh na súl
Samplaí breise
ar iompáil na baise, at the turn of the hand, in an instant
Foinse
Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinneen 1927)
Ceannfhocal
iompódh
Ar iompódh na baise bhí se déanta aige. Bhí sé déanta aige gan aon mhoill i n-aon chor; an fhaid a bheifeá ag iompódh do láimhe; i n-ala na h-uaire; ar crapadh na súl.
Foinse
Cortha Cainnte na Gaedhilge (Mac Sithigh 1940)
Leathanach
115
gaois.ie