rith an ráis (le)
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Bealach ar aghaidh gan bhac.
Samplaí corpais
Bhí sé buailte isteach i n-aigne na muinntire a chuir ar bun an choláiste sin, dá mbeadh an léir-sgrios san déanta acu ar aigne agus ar chroidhe agus ar éirim agus ar thuisgint Gaedheal na h-Éireann go mbeadh rith an ráis leó as san amach chun an Chreidimh a mhúchadh i n-Éirinn. Bhí ag eirighe leó go h-áluinn. Bhí an léirsgrios ag dul chun cinn.
Dá ráineóch' go mbhéadh ruith an ráis thall leó agus go mbéadh raint mhaith saidhbhris curtha le chéile acu, ansan b' fhéidir go dtiocfidís go fonamhar. Tiocfidís ansan bh'fhéidir agus an tsláinte briste acu, casachtach árd agus múchadh ortha.
Samplaí breise
2. Run. (a) Tá rith an rása leat, you have a clear run ahead of you, have surmounted your difficulties.
Tá rith an ráis leat, you have won the race, acquitted yourself well, tided over the difficulties.
Tá rith an ráis leat anois = tán tu saor: tá na cosa tugtha leat agat - duine a d'eireóch as bhreóiteacht, nó go dtairiceóch an dochtúir fiacla piantacha dhó (go dtí go bpriocfadh ceann eile é): tá an bóthar réidh rómhat: an deacaracht tharat agat.
Ta rith an ráis leis anois. Tá se ag buadhachtaint anois. Éireochaidh leis anois. Tá an t-ádh leis. Tá an cluiche aige.
1. a. To start, set, the ball rolling, an ceann a bhaint den scéal; tús a chur ar an obair. He has the ball at his feet, tá rith an rása anois aige.
378. If it so happened that they prospered over there, and saved a considerable amount of money, then perhaps they might come (home) willingly. Dá ráineóch' go mbéadh ruith an ráis thall leó, agus go mbéadh rainnt mhaith saidhbhris curtha le chéile acu, b'fhéidir go dtiocfidís go fonamhar.