Gaois

Rúin na hAthbhliana 2024

Blog post is available in Irish only

Seo thíos radharc beag ar chuid de na nithe a bheas ar bun ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2024.

Tá ceardlann á reáchtáil ag Gaois agus an Brainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán) ar an 10 Bealtaine chun plé a dhéanamh ar na naisc idir na logainmneacha agus na crainn. Beidh Comhdháil Earraigh an Society for Name Studies in Britain and Ireland (SNSBI) á hóstáil againn chomh maith ar an 11 agus 12 Bealtaine.

Beimid féin ag tabhairt páipéir ar ainmniú comhlachtaí in Éirinn ag Comhdháil an International Congress of Onomastic Sciences i Heilsincí i mí Lúnasa, i measc roinnt comhdhálacha eile.

Tá sé i gceist againn Corpas Náisiúnta na Gaeilge a sheoladh ag deireadh na Samhna; tá ócáid beartaithe don 29 Samhain ach tá na sonraí le deimhniú.

D’éirigh chomh maith sin le Féile Haiceála na bliana seo go bhfuil sé i gceist againn í a rith arís, agus beidh sé seo á fhógairt san fhómhar.

Tiocfaidh deireadh i mbliana le tionscadal LEX, agus beidh deis againn súil siar a thabhairt ar an móriarracht seo atá á reáchtáil ó 2008 i leith, ina bhfuil taighde déanta againn ar bhreis agus 80,000 coincheap agus níos mó ná 100,000 téarma lena gcur ar fáil i mbunachar IATE d’aistritheoirí an AE agus i mbunachar téarmaíochta Gaois do chách.

Tá súil againn fáilte a chur roimh intéirnigh as DCU, as UL, as Notre Dame, agus as ollscoileanna eile i rith na bliana; má tá spéis agat bheith linn tá eolas ar fáil anseo. Beidh mic léinn ag tosú linn ar thaighde PhD go luath freisin, agus fógrófar deiseanna maoinithe eile ina leith seo.

Leanfaidh an obair ar Dúchas – foilseofar baisceanna ábhair ón bPríomhbhailiúchán, ón mBailiúchán Fuaime agus ón mBailiúchán Grianghraf go rialta – agus ar Logainm, áit a bhfuil taighde ar bun againn ar shráidainmneacha na tíre. Cuirfear leaganacha nua de Meitheal Logainm.ie, de API Logainm agus de API Dúchas ar fáil i mbliana.

Ón gcéad lá Eanáir i leith táimid ag baint úsáid as Plausible in ionad Google Analytics chun staitisticí úsáide a bhailiú ónár suíomhanna. Is dul chun cinn suntasach é seo ó thaobh príobháideachais de. Chomh maith leis sin, tá suíomh poiblí nua á chruthú againn chun na staitisticí úsáide seo, móide roinnt staitisticí cainníochtúla eile, a léiriú dár bpobal úsáideoirí.

Coinnigh súil ar an mblag seo, ar an nuachtlitir agus ar mheáin shóisialta na dtionscadal éagsúil don nuacht is déanaí le linn na bliana.

Údair: Úna Bhreathnach