Gaois

Mic léinn

Is grúpa taighde é Gaois agus cuirtear fáilte roimh mhic léinn páirt a ghlacadh san obair. Déantar é sin ar dhá bhealach:

  1. Cuirtear fáilte roimh fhiosruithe ó mhic léinn ar mian leo intéirneachtaí nó tréimhsí taithí oibre a eagrú leis an ngrúpa taighde. Tá tréimhsí caite ag mic léinn fochéime agus iarchéime as UCC, UCD, OÉ Gaillimh, Ollscoil Notre Dame agus DCU féin linn. Faigheann na mic léinn taithí ar na tionscadail éagsúla de réir a gcuid spéiseanna féin agus riachtanais oibre na foirne (tá blagmhír anseo ó dhuine acu). Ní ghlactar ach le mic léinn ag a bhfuil na scileanna teanga cuí le feidhmiú i dtimpeallacht lán-Ghaeilge.

  2. Glactar chomh maith le mic léinn taighde (M.A. agus PhD) ó am go ham. Tá réimse leathan ábhair spéise ag an triúr léachtóirí sa ghrúpa taighde, an Dr Úna Bhreathnach, an Dr Gearóid Ó Cleircín agus an Dr Brian Ó Raghallaigh. D’fhéadfaí taighde a bhunú ar obair na dtionscadal éagsúil, ar réimse ábhair amhail:

  • an téarmeolaíocht
  • an ainmeolaíocht
  • an béaloideas
  • na daonnachtaí digiteacha
  • beathaisnéisí
  • obair chorpais
  • an fhoclóireacht
  • an sluafhoinsiú
  • foghraíocht
  • fóineolaíocht
  • frásaíocht
  • teicneolaíocht urlabhra
  • mionteangacha
  • acmhainní gréasáin
  • bunachair léacsacha
  • teicneolaíocht teanga

Mic léinn reatha

Orlaith Hickey (faoi stiúir an Dr Úna Bhreathnach agus an Dr Pádraig Uí Liatháin): Tá taighde Orlaith bunaithe ar dhoiciméadú na mban agus doiciméadú grúpaí mionlaigh eile i mbunachar beathaisnéisí ainm.ie. Is é sprioc an taighde seo cuid de na bearnaí atá ann maidir le hionadaíocht na ndreamanna sin sa bhunachar a líonadh. Déanfar scagadh ar chúiseanna na ganniondaíochta, agus feabhsófar caighdeán faisnéise ainm.ie do thaighdeoirí amach anseo trí ábhar nua a chur leis. Foilseofar roinnt beathaisnéisí nua ar ainm.ie de dheasca an taighde seo.

Michelle Dunne (faoi stiúir an Dr Úna Bhreathnach agus an Dr Críostóir Mac Cárthaigh (UCD)): Saintréithe de Thraidisiún Béil na mBan agus de Ghaeilge Luaigh i gCnuasach Sheáin Mhic Mhathúna. Baineann a cuid taighde le heolas faoi mhná agus ó mhná sa chnuasach béaloidis a bhailigh Seán Mac Mathúna (1876-1949) in iarthuasiceart an Chláir. Tabharfar léargas ar an gcanúint áitiúil a labhraíodh sa limistéar taighde. Fiosrófar iompar agus ról (traidisiúnta) na mban agus an bhanúlacht 'idéalach' mar a rinneadh cur síos orthu sna lámhscríbhinní freisin.

Justin Ó Gliasáin (faoi stiúir an Dr Gearóid Ó Cleircín agus an Dr Aengus Finnegan (UL)): Tá taighde Justin dírithe ar mhionlogainmneacha de bhunadh na Gaeilge i gCo. Chill Dara. Tá sé d'aidhm ag an taighde seo bailiúchán mionlogainmneacha a chur le chéile agus anailís theangeolaíoch a dhéanamh orthu. Déanfar an bailiúchán mionlogainmneacha a fhoilsiú ar meitheal.logainm.ie.

Aindí Mac Giolla Chomhghaill (faoi stiúir an Dr Gearóid Ó Cleircín agus an Dr Brian Ó Raghallaigh): Baineann taighde Aindí leis na mionlogainmneacha de bhunadh Gaeilge sna gleannta i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Cuirfear san áireamh idir pháircainmneacha an lae inniu (e.g. an cnuasach The Field Names of Glenasmole le Pat Lee, ar fáil ar meitheal.logainm.ie), mhionainmneacha a bailíodh ó na cainteoirí dúchais deireanacha san 19ú haois agus ainmneacha stairiúla. Deimhneofar fuaimniú gach logainm bheo go háitiúil agus cuirfear corpas le chéile. Déanfar anailís teangeolaíochta ar gach logainm agus molfar foirm Ghaeilge — déanfar anailís tíopeolaíochta ar na foirmeacha Gaeilge sin. Cuirfear an corpas i gcomparáid le cnuasaigh eile as na contaetha teorantacha i gCúige Laighean ó thaobh na logainmníochta de agus tarraingeofar aird freisin ar aon phointí canúineolaíochta a thagann chun solais. Cruthófar léarscáileanna agus léaráidí chun gnéithe éagsúla den taighde a léiriú. Cuirfear an t-ábhar go léir ar fáil ar meitheal.logainm.ie agus ar logainm.ie.

Céimithe

An Dr Katie Ní Loingsigh (faoi stiúir an Dr Brian Ó Raghallaigh agus an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín): Tiomsú agus rangú i mbunachar sonraí ar chnuasach nathanna Gaeilge as saothar Pheadair Uí Laoghaire (tráchtas PhD, 2016). Mar chuid den taighde, thiomsaigh Katie corpas leictreonach de shaothar foilsithe Pheadair Uí Laoghaire, chnuasaigh sí léacsacan nathanna as Foclóir Uí Dhónaill agus Foclóir Dinneen, agus chruthaigh sí bunachar nathanna as corpas Pheadair Uí Laoghaire. Tá an bunachar nathanna ar fáil anseo.

An Dr Fionnuala de Barra-Cusack (faoi stiúir an Dr Dorothy Kenny, SALIS; maoinithe faoi scáth thionscadal Focal): A user-oriented study of metadata in focal.ie (tráchtas PhD, 2014). Tugadh faoin taighde seo le maoiniú a chuir Foras na Gaeilge ar fáil do chomhaltacht taighde chun athstruchtúrú a dhéanamh ar ordlathas réimsí focal.ie (téarma.ie anois).

Cáit Nic Fhionnlaoich (faoi stiúir an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín): Cóiriú cartlann fuaime logainmneacha (tráchtas MA, 2012). Ba é sprioc an tráchtais seo ná Cartlann Fuaime an Bhrainse Logainmneacha (1,200 uair an chloig d’ábhar fuaime a bailíodh sa tréimhse 1961–2000) a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach ar líne d’fhoireann an Bhrainse Logainmneacha agus do thaighdeoirí logainmneacha araon. Rinneadh bunchatalóg lámhscríofa an Bhrainse Logainmneacha a thras-scríobh agus a chur in eagar mar threoir taighde don bhunachar ar líne. Roghnaíodh an t-ábhar ó Ghabhla i dTír Chonaill mar thacar samplach le mionstaidéar a dhéanamh air. Rinneadh liosta logainmneacha a ghiniúint ón tacar céanna agus cuireadh eolas breise ar fáil mar gheall orthu siúd, ar nós ainmneacha Béarla, leaganacha scríofa ón litríocht agus leaganacha foghraíochta.

An Dr Úna Bhreathnach (faoi stiúir an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín agus an Dr Rute Costa (Universidade Nova de Lisboa)): A Best-Practice Model for Term Planning (tráchtas PhD, 2011). Bhain a cuid taighde leis an dea-chleachtas i bpleanáil na hoibre téarmeolaíochta, ag féachaint ar thrí chás-staidéar: TermCat na Catalóine, Terminologicentrum TNC na Sualaine agus eagraíochtaí pleanála téarmaíochta na Gaeilge.