The version I know: phylogenetic analysis for the Decoding Hidden Heritages project
September 12, 2022
Monica Marion gives us an insight into the analysis work being carried out by the Decoding Hidden Heritages project team.
September 12, 2022
Monica Marion gives us an insight into the analysis work being carried out by the Decoding Hidden Heritages project team.
September 5, 2022
Tiernan Gaffney describes the work he completed for the Decoding Hidden Heritages project, specifically regarding three folktale types, AT 400, AT 425 and AT 503.
July 28, 2022
Ar na bailitheoirí lán-aimseartha is gníomhaí a d’obair do Choimisiún Bealoideas Éireann, tá Seán Ó Flannagáin (1908–1996) a bhailigh ábhar béaloidis don gCoimisiún idir 1936–40 agus a sholáthraigh tuairim is 9,000 leathanach dóibh.
July 26, 2022
Reáchtáladh Ceardlann Logainmneacha – Logainmneacha i gcríocha dátheangacha i mí na Bealtaine 2022. Sa bhlagmhír seo, tugtar spléachadh ar na cainteanna ar fad a tugadh ar an dá lá. Seoladh leagan nua den suíomh logainm.ie le linn na ceardlainne freisin.
June 20, 2022
Agus Mí an Bhróid á ceiliúradh le linn na míosa seo, chaith muid súil ar roinnt den téarmaíocht, idir nua agus sheanbhunaithe, a bhaineann leis an bpobal LADTA, an téarma 'Bród' san áireamh.
May 30, 2022
Seo cur síos ar dhá chaint faoi chúrsaí corpais a raibh baint ag foireann taighde Gaois leo a cuireadh i láthair ag an gcomhdháil Corpus Linguistics 2021 a reáchtáil Ollscoil Luimnigh agus Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Tá an dá chaint ar fáil ar ár gcainéal YouTube nua.
May 9, 2022
Ar mhaith leat sonraí ó API Logainm a úsáid? Ar mhaith leat treoir maidir le conas é sin a dhéanamh? Tabharfar roinnt leideanna duit sa bhlagmhír seo.
March 28, 2022
Seoladh Leagan 2.0 de Bhunachar Sloinnte Gaeilge Gaois ar an 26 Márta 2022. Tá os cionn 1,000 braisle sloinnte sa leagan seo.
March 7, 2022
Tuairisc ghearr atá sa bhlagmhír seo ar na téamaí a pléadh ag Cruinniú Mullaigh Chumann Téarmeolaíochta na hEorpa a d’eagraigh foireann Gaois ar líne ar 25/26 Samhain 2021.
January 13, 2022
Seo thíos radharc beag ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2022. Tá forbairtí suntasacha poiblí beartaithe againn, agus go leor oibre eile ag dul ar aghaidh taobh thiar de na cuirtíní.
January 11, 2022
I samhradh na bliana 2021 bronnadh maoiniú ar Gaois faoi scéim an AHRC-IRC chun tionscadal a thosnú ar an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní ó chartlann Choimisiún Bhéaloideasa Éireann, UCD. Is é Decoding Hidden Heritages ainm an tionscadail sin agus is í an obair digitithe atá ar bun mar chuid den tionscadal seo ar lámhscríbhinní an Phríomhbhailiúcháin a bheidh faoi chaibidil sa bhlagmhír seo.
December 20, 2021
Bliain aisteach eile a bhí i 2021 anseo in oifigí fíorúla Gaois. Is beag lá a caitheadh ar an gcampas, agus is ar Zoom agus tríd an ríomhphost a rinneadh formhór mór na hoibre atá luaite thíos. Ainneoin sin, bhí neart ar siúl...
November 1, 2021
Tá modúl nua faoin teangeolaíocht chorpais ar na bacáin chomh maith agus súil againn é a thairiscint ar chlár nua iarchéime amach anseo. Sa bhlagmhír seo, caitear spléachadh ar an modúl Téarmeolaíocht na Gaeilge atá á thairiscint ar chláir BA na Scoile le tamall maith de bhlianta anois.
August 16, 2021
Sa bhlagmhír seo, pléifear an cleachtas feirmeoireachta ar a dtugtar ‘an buailteachas’ agus lorg an traidisiúin sin ar an bhailiúchán logainmneacha Mionlogainmneacha Cheantar Ghleann Átha, Contae Dhún na nGall atá ar fáil ar Meitheal Logainm.ie.
June 28, 2021
Sa bhlagmhír seo, téann muid ag tochailt i mBailiúchán na Scol le heolas a chur ar na cineálacha éagsúla feamainne atá in Éirinn agus ar an leigheas atá ceaptha a bheith ag an bplanda.
May 3, 2021
Is cúis bhróid dúinn anseo i ngrúpa taighde Gaois go bhfuil borradh mór tagtha ar an líon daoine a chláraigh le Nuachtlitir na dTionscadal le trí bliana anuas. Agus an bhlagmhír seo á réiteach, tá 2,531 duine sa liosta teagmhálaithe s’againne.
March 29, 2021
Tá idir chur síos agus spaisteoireacht i gCorpas na Gaeilge Comhaimseartha (CGC) i gceist sa bhlagmhír seo ina dtugtar spléachadh ar inneachar an chorpais agus ar na bealaí gur féidir é a chuardach.
February 1, 2021
Spléachadh ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2021.
January 25, 2021
Cuireadh sé bheatha nuascríofa leis an an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie, le deireanas.
December 14, 2020
Ceann de na pleananna móra a luaigh muid, siar mí Eanáir, ab ea an chomhdháil dar téama ‘An Téarmeolaíocht faoi Dhúshlán’. Thug 2020, mar a tharla, tuiscint nua dúinn uile ar dhúshláin – bhí foireann uile Gaois agus na Scoile ar fad ag obair ón mbaile ó mhí an Mhárta ar aghaidh.