Cruinniú Mullaigh EAFT 2021
7 Márta 2022
Tuairisc ghearr atá sa bhlagmhír seo ar na téamaí a pléadh ag Cruinniú Mullaigh Chumann Téarmeolaíochta na hEorpa a d’eagraigh foireann Gaois ar líne ar 25/26 Samhain 2021.
7 Márta 2022
Tuairisc ghearr atá sa bhlagmhír seo ar na téamaí a pléadh ag Cruinniú Mullaigh Chumann Téarmeolaíochta na hEorpa a d’eagraigh foireann Gaois ar líne ar 25/26 Samhain 2021.
13 Eanáir 2022
Seo thíos radharc beag ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2022. Tá forbairtí suntasacha poiblí beartaithe againn, agus go leor oibre eile ag dul ar aghaidh taobh thiar de na cuirtíní.
11 Eanáir 2022
I samhradh na bliana 2021 bronnadh maoiniú ar Gaois faoi scéim an AHRC-IRC chun tionscadal a thosnú ar an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní ó chartlann Choimisiún Bhéaloideasa Éireann, UCD. Is é Decoding Hidden Heritages ainm an tionscadail sin agus is í an obair digitithe atá ar bun mar chuid den tionscadal seo ar lámhscríbhinní an Phríomhbhailiúcháin a bheidh faoi chaibidil sa bhlagmhír seo.
20 Nollaig 2021
Bliain aisteach eile a bhí i 2021 anseo in oifigí fíorúla Gaois. Is beag lá a caitheadh ar an gcampas, agus is ar Zoom agus tríd an ríomhphost a rinneadh formhór mór na hoibre atá luaite thíos. Ainneoin sin, bhí neart ar siúl...
1 Samhain 2021
Tá modúl nua faoin teangeolaíocht chorpais ar na bacáin chomh maith agus súil againn é a thairiscint ar chlár nua iarchéime amach anseo. Sa bhlagmhír seo, caitear spléachadh ar an modúl Téarmeolaíocht na Gaeilge atá á thairiscint ar chláir BA na Scoile le tamall maith de bhlianta anois.
16 Lúnasa 2021
Sa bhlagmhír seo, pléifear an cleachtas feirmeoireachta ar a dtugtar ‘an buailteachas’ agus lorg an traidisiúin sin ar an bhailiúchán logainmneacha Mionlogainmneacha Cheantar Ghleann Átha, Contae Dhún na nGall atá ar fáil ar Meitheal Logainm.ie.
28 Meitheamh 2021
Sa bhlagmhír seo, téann muid ag tochailt i mBailiúchán na Scol le heolas a chur ar na cineálacha éagsúla feamainne atá in Éirinn agus ar an leigheas atá ceaptha a bheith ag an bplanda.
3 Bealtaine 2021
Is cúis bhróid dúinn anseo i ngrúpa taighde Gaois go bhfuil borradh mór tagtha ar an líon daoine a chláraigh le Nuachtlitir na dTionscadal le trí bliana anuas. Agus an bhlagmhír seo á réiteach, tá 2,531 duine sa liosta teagmhálaithe s’againne.
29 Márta 2021
Tá idir chur síos agus spaisteoireacht i gCorpas na Gaeilge Comhaimseartha (CGC) i gceist sa bhlagmhír seo ina dtugtar spléachadh ar inneachar an chorpais agus ar na bealaí gur féidir é a chuardach.
1 Feabhra 2021
Spléachadh ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2021.
25 Eanáir 2021
Cuireadh sé bheatha nuascríofa leis an an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie, le deireanas.
14 Nollaig 2020
Ceann de na pleananna móra a luaigh muid, siar mí Eanáir, ab ea an chomhdháil dar téama ‘An Téarmeolaíocht faoi Dhúshlán’. Thug 2020, mar a tharla, tuiscint nua dúinn uile ar dhúshláin: bhí foireann uile Gaois agus na Scoile ar fad ag obair ón mbaile ó mhí an Mhárta ar aghaidh.
30 Samhain 2020
Sa bhlagmhír seo, déanann Nils Pappers cur síos ar an gcur chuige a bhí aige i leith dúchas.ie a úsáid mar áis teagaisc sa seomra ranga. Is ábhar múinteora agus iar-chomhghleacaí linn é Nils Pappers. Tá an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas á déanamh aige in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
16 Samhain 2020
Tá bailiúchán de théarmaí Gaeilge COVID-19 seolta ag grúpa taighde Gaois agus é de sprioc aige eolas cruinn, cothrom le dáta i dtaobh fhoclóir na paindéime a sholáthar do phobal na Gaeilge.
26 Deireadh Fómhair 2020
Is catalóg de chineálacha scéalta béaloidis é Innéacs Aarne-Thompson (AT) ina n-aithnítear móitífeanna coitianta i seanscéalta idirnáisiúnta.
12 Deireadh Fómhair 2020
Tá lúcháir ar ghrúpa taighde Gaois agus ar an mBrainse Logainmneacha, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a fhógairt go bhfuil an chéad leagan poiblí de Chomhéadan Feidhmchláir (API) Logainm ar fáil anois.
7 Meán Fómhair 2020
Chaith Daniel McWilliams samhradh 2020 ar intéirneacht le grúpa taighde Gaois, seo mar a chuir sé síos ar an obair a rinne sé agus ar an eispéireas fiúntach ach neamhghnách a bhí aige agus é ag obair ón bhaile.
3 Lúnasa 2020
Rugadh Liam Mac Meanman i Móinín na hEasrach, Gleann Fhinne, Co. Dhún na nGall, in 1913. Bhuaigh sé scoláireacht le freastal ar an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a ndearna sé staidéar ar an Léann Cheilteach. Bhí Séamus Ó Duilearga mar léachtóir aige agus mhol sé dó in 1933 béaloideas a cheantair féin a chnuasach.
20 Iúil 2020
Ceann de fhothorthaí phaindéim COVID-19 is ea go bhfuil muid mar phobal tar éis eolas a chur ar an-chuid téarmaí teicniúla nach raibh de dhíth orainn roimhe seo. Sa bhlagmhír seo gheobhaimid spléachadh ar thionscadal in DCU a thugann aghaidh ar cheisteanna atá gaolmhar leis seo.
15 Meitheamh 2020
Seoladh bunachar teangeolaíoch sloinnte Gaeilge le déanaí. Sa bhlagmhír seo gheobhaimid spléachadh air.