Gaois

Bunachar Téarmaíochta

Tá seacht mbailúchán sa bhunachar seo:

  • Téarmaíocht IATE: Iontrálacha ó bhunachar téarmaíochta idirinstitiúideach an AE a bhfuil ábhar Gaeilge iontu. Tuilleadh eolais anseo.
  • Rialacha na nUaschúirteanna: Bailiúchán téarmaí dlí a baineadh as Rialacha na nUaschúirteanna.
  • Téarmaí as Ionstraimí Reachtúla: Bailíodh na téarmaí seo ag eascairt as tionscadal LEX.
  • Achtanna an Oireachtais: Gearrtheidil: Gearrtheidil na nAchtanna uile a rith an tOireachtas ón mbliain 1922 go dtí an lá atá inniu ann, arna soláthar ag Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtais.
  • Téarmaí Dlí: (Oifig an tSoláthair, 1959). Foclóir dátheangach téarmaí dlí.
  • Focal sa Chúirt: Ó Catháin, L. (Coiscéim, 2000). Mionleasuithe déanta air, lena chur in oiriúint don bhunachar.
  • Téarmaíocht COVID-19: Bailiúchán dátheangach de théarmaíocht COVID-19 arna fhorbairt ag Gaois.

Is féidir na bailiúcháin go léir a chuardach tríd an mbosca cuardaigh. Taispeántar líon na dtorthaí i ngach bailiúchán sa liosta ar thaobh na láimhe clé den leathanach (barr an leathanaigh ar scáileáin chúnga).