Diarmuid Breathnach (1930-2023)
17 Samhain 2023
Gael a rinne cion fir ar son oidhreacht liteartha na Gaeilge a chur os comhair an tsaoil agus a chomóradh tríd an tsraith cháiliúil, Beathaisnéis, a mhaireann anois mar ainm.ie. Gan é féin agus a chomhbhádóir Máire Ní Mhurchú, ba bhoichte ar fad tírdhreach na Gaeilge. Suaimhneas síoraí dó.