Gaois

Diarmuid Breathnach (1930-2023)

Ábhar mór bróin do mhuintir Gaois an tseachtain seo caite nuair a briseadh an scéal faoi imeacht an scoláire, Diarmuid Breathnach, ar shlí na fírinne. D’fhéadfaí ‘Athair Ainm’ a thabhairt air, le fírinne, nó is é féin agus a chomhghleacaí, Máire Ní Mhurchú, a chuir tús leis an tionscadal beathaisnéisí a leag síos an dúshraith as ar fhás an acmhainn dhigiteach, Ainm.ie, ar áis eolais agus taighde den scoth í. Naoi n-imleabhar a bhí sa tsraith Beathaisnéis agus réitíodh na hiontrálacha agus an t-ábhar iontu gan cuidiú na n-acmhainní uile atá ar fáil ag scríbhneoirí an lae inniu. An Clóchomhar a d’fhoilsigh iad, clóphreas a bhunaigh fathach eile i saol na Gaeilge, Stiofán Ó hAnnracháin, a bhí ina dhlúthchara ag Diarmuid.

I gCoill tSíomoin, Co Chill Mhantáin a rugadh Diarmuid Breathnach sa bhliain 1930. Fuair sé a chuid ollscolaíochta ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus is i mbun na leabharlannaíochta a chaith sé a shaol gairmiúil ina dhiaidh sin. Nuair a bhain sé an chéim amach, ceapadh ina Leabharlannaí Baile i mBré é agus ina dhiaidh sin, ina Leabharlannaí Contae i gCill Chainnigh. Tamall de bhlianta ina dhiaidh sin arís ceapadh é in RTÉ agus hiarradh air cartlann raidió an stáisiúin a bhunú. D’fhan sé ag obair ag RTÉ go dtí 1987, tráth a d’éirigh sé as chun dul i mbun tionscadail le beathaisnéisí daoine mór le rá i saol na Gaeilge a thiomsú.

I bpáirt lena chara, Máire Ní Mhurchú, dhírigh sé le fonn ar an obair agus idir 1986 agus 2007, chaith sé a chuid ama ar fad i mbun an tionscadail. Cúig himleabhar a foilsíodh faoin teideal Beathaisnéis 1882-1982 (1986-1997) ar dtús agus, dá éis sin, tugadh faoi imleabhar ar leith a thiomsú le haghaidh na dtréimhsí 1560-1781, 1782-1881, agus, ar deireadh, 1982-2002. Forlíonadh agus innéacs leathan cuimsitheach ba ea Beathaisnéis 9, an t-imleabhar deiridh a d’fhoilsigh An Clóchomhar sa bhliain 2007. Le raon leathan daoine, institiúidí, eagraíochtaí, ranna agus oifgí stáit, paróistí agus deoisí a rinne sé féin agus Máire teagmháil d’fhonn an t-eolas a chruinniú, a sheiceáil, a dheimhniú agus a réiteach don chló: saothar ceana, gan aon agó.

Ba scríbhneoir aitheanta é Diarmuid agus óna pheannsa a tháinig Almanag Éireannach (1981) agus Almanag Éireannach 2 (2001), gan trácht ar na hailt éagsúla leis a foilsíodh ar irisí amhail Comhar agus Feasta. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht a shaothar dírbheathaisnéise féin, Titim agus Éirí, in 2012 – an beathaisnéisí cáiliúil i mbun scéal a bheatha féin a ríomh. Mar aitheantas ar mhór-obair a shaoil (i bpairt le Máire Ní Mhurchú), bhronn Ollscoil Mhá Nuad an chéim oinigh D. Litt. Celt. air in 2002; gradam a thuill an bheirt acu go tréan.

Mar fhocal scoir, is féidir a rá faoi Dhiarmuid gur bhain sé an t-uafás amach ar son na Gaeilge agus ar son oidhreacht lucht na Gaeilge i rith a shaoil – níos mó ná go leor eile. Maireann – agus mairfidh – a thiomantacht don bheathaisnéisíocht sna himleabhair de Beathaisnéis a foilsíodh lena linn agus ata ar fáil go fóill ach, níos tábhachtaí ná sin, mairfidh sé sa tionscadal leanúnach atá idir lámha againn féin anois – Ainm.ie – mar chomhartha ómóis agus ceana dó. Suaimhneas síoraí go raibh ar a anam uasal.

Údar: Ciarán Mac Murchaidh