Gaois

Ábhar fuaime ó dhioscaí aicéatáite agus grianghraif digitithe agus ar fáil ar dúchas.ie

Tá thart ar 1,750 diosca aicéatáite i gcartlann fuaime Chnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ), CÓBAC a rinne Coimisiún Bhéaloideas Éireann (1935-1970) sa tréimhse 1940-1955. 700 uair an chloig de chaint, amhránaíocht agus ceol atá sa bhailiúchán agus ó 2022 i leith tá iarrachtaí ar bun leis an mbailiúchán ar fad a dhigitiú ar an gcaighdeán fuaime is airde, á gcaomhnú mar chomhaid WAV neamh-chomhbhrúite.

I ndiaidh a dhigitithe, d’ullmhaigh foireann CBÉ an t-ábhar seo le foilsiú agus tá lúcháir orainn 300 diosca, ar a bhfuil taifeadtaí ar an traidisiún béil, an scéalaíocht agus an amhránaíocht a rinneadh idir 1947 agus 1955, a sheoladh ar dúchas.ie. Tá 650 mír sa bhaisc seo agus tá thart ar 33 uair an chloig de thaifeadfaí fuaime inti.

San áireamh sa bhaisc seo taifeadtaí, tá seacht dteanga (Gaeilge, Béarla, Gaeilge na hAlban, Fraincis, Portaingéilis Bhrasaíleach, Danmhairgis, Íoslainnis). An duine is sine atá ann ná Micheál Ó Donnchú as Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir a rugadh in 1867. Ina theannta sin, is féidir éisteacht leis an gceoltóir iomráiteach Róise Mhic Ghrianna as Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall.

Tá lúcháir orainn an t-ábhar seo a sheoladh agus tá muid thar a bheith buíoch de Choimisiún na Meán as an deontas ó Scéim Cartlannaíochta BAI a chuir ar ár gcumas an t-ábhar tábhachtach seo a chur os comhair an phobail, chomh maith le Cartlann RTÉ, atá mar pháirtnéirí againn sa togra, agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a mhaoiníonn tionscadal Dúchas.

Is féidir teacht ar an ábhar seo uile ag www.duchas.ie/ga/cbef.

An Bailiúchán Grianghraf, A001.01.00013 ó Dúchas © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD agus faoi cheadúnas CC BY-NC 4.0.

500 grianghraf eile ón mBailiúchán Grianghraf foilsithe anois. Baineann na grianghraif seo leis an tírdhreach agus tá radharc le fáil iontu ar cheantracha i nGaillimh, Liatroim agus Maigh Eo. Baineann na grianghraif seo leis an tréimhse ó na 1930idí agus go dtí na 1990idí.

Is féidir teacht ar an ábhar seo uile ag www.duchas.ie/ga/cbeg.

Nóta don eagarthóir:

Is é An Bailiúchán Fuaime an bailiúchán is déanaí atá á dhigitiú ag foireann dúchas.ie, agus ábhar as á fhoilsiú go ráithiúil. Is éard atá sa bhailiúchán seo ná 12,000 uair a chloig a bhaineann le hábhar a bailíodh ó 1935 i leith. Bhailigh bailitheoirí lánaimseartha agus páirtaimseartha formhór an ábhair faoi scáth Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935–1971). Ina measc tá ábhar i nGaeilge agus i mBéarla a chuimsíonn gach gné de thraidisiún béil na hÉireann.

Is toradh é dúchas.ie ar chomhpháirtíocht a cuireadh ar bun in 2012 idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann in UCD, Leabharlann Dhigiteach UCD, agus Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal bailiúcháin uile Chnuasach Bhéaloideas Éireann a dhigitiú agus a chur ar fáil don phobal ar líne. Tá an tionscadal á chómhaoiniú ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta, agus ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le cabhair airgeadais ó Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann.

Teagmháil: eolas@duchas.ie