Lá Fhéile Colm Cille: fiosraigh na naisc fholaithe béaloidis idir Éirinn agus Albain
Ar an lá seo sa bhliain 597 (1,428 bliain ó shin!), fuair Colm Cille bás ar oileán Í in Albain. Cé nach bhfuil sé chomh cáiliúil le Lá Fhéile Pádraig (17 Márta), is é an 9 Meitheamh Lá Fhéile Colm Cille agus déantar comóradh air anseo agus ansiúd. Rinneadh comóradh forleathan i 2021 cothrom 1500 bliain a bhreithe. Rugadh Colm Cille i nDún na nGall, bhunaigh sé mainistreacha i nDoire (Doire Cholm Cille) agus i Sord (Sord Cholm Cille), agus scaip sé an Chríostaíocht in Albain. Cé gur chaith sé tamall in áiteanna éagsúla in Éirinn agus go ndéantar é a chomóradh in a lán ainmneacha foirgneamh, ainmneacha eagraíochtaí, ainmneacha scoileanna agus logainmneacha (tugann cuardach tapa ar "Colm Cille" ar www.logainm.ie 50 toradh), is dócha go bhfuil a oidhreacht sainithe ag a ghaol le hÉirinn agus le hAlbain araon agus na naisc a chruthaigh sé idir an dá chríoch.
Mhair Colm Cille i ré inar shín domhan labhartha na Gaeilge ó Charn Uí Néid go Manainn go John o' Groats. Labhraítí an Ghaeilge, a bhí in ard a réime agus gan cur isteach ó Impireacht na Róimhe, ar fud oileán na hÉireann, Mhanann agus formhór na hAlban. Sna laethanta sin, chuaigh ionraí sa treo eile! Ní raibh an Béarla ach ina thús ach bhí an Ghaeilge tar éis a bheith i mbarr a maitheasa le breis agus míle bliain. I lár an domhain labhartha Gaeilge seo (agus ríochta Gaelaí Dhál Riada) bhí an mhainistir Chríostaí ar Í. Ba anseo a chaith Colm Cille formhór an dara leath dá shaol go dtí a bhás sa bhliain 597.

Léarscáil d’Albain, Manainn agus Éirinn, rothlaithe 15° tuathalach ar shuíomh www.hiddenheritages.ai chun contanam an domhain Ghaelaigh a dhúisiú
Is léiriú deas é Colm Cille ar an oidhreacht chomhroinnte atá ag Éirinn agus ag Albain. Tá ár naisc theangeolaíocha agus chultúrtha domhain, agus cé go bhfuil pobail na Gàidhlig in Albain ag dul i laghad, mórán mar an gcéanna le pobail na Gaeilge in Éirinn, tá an oidhreacht chultúrtha chomhroinnte seo fós le feiceáil (agus i bhfolach) sna scéalta a insímid dár bpáistí. Is fianaise ar an gcultúr comhroinnte seo na cosúlachtaí (agus na difríochtaí) idir na cineálacha agus na leaganacha de na seanscéalta a chloisimid á n-insint in Éirinn agus in Albain.
Ar ámharaí an tsaoil, gabhadh cuid mhaith de na scéalta seo le linn an 19ú agus an 20ú haois, agus iad fós á seachadadh ó bhéal i dteangacha na Gaeilge (d’imigh cineálacha Gaeilge na hÉireann, Mhanann agus na hAlban óna chéile de réir a chéile le himeacht ama go dtí gur thrí theanga ghaolmhara ar leith iad). Scríobh bailitheoirí béaloidis ghairmiúla cuid mhaith de na scéalta síos agus cuireadh i gcartlanna iad le haghaidh staidéar sa todhchaí. I gcásanna áirithe, taifeadadh scéalaithe, tras-scríobhadh na taifeadtaí, agus ansin forscríobhadh na taifeadtaí chun costais a shábháil. Is féidir taifeadtaí fuaime atá ar marthain a aimsiú anseo agus anseo. I gcás Bhailiúchán na Scol (1937–39), bhailigh páistí scoile na scéalta agus thras-scríobh siad iad, nó d’inis siad dá múinteoirí iad a thras-scríobh iad de láimh ansin.
Tá tionscadal a reáchtáladh le déanaí dar teideal Decoding Hidden Heritages, arna mhaoiniú ag an IRC in Éirinn agus an AHRC sa Ríocht Aontaithe, tar éis bailiúchán Albanach-Éireannach le breis is 5,500 de na seanscéalta seo a chur le chéile, ag comhcheangal ábhar ón ‘School of Scottish Studies Archives’ in Ollscoil Dhún Éideann agus ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann in UCD den chéad uair. Thar aon rud eile, baineadh úsáid as teicneolaíocht aitheanta téacs lámhscríofa chun leaganacha téacs de na scéalta lámhscríofa a ghiniúint, rud a fhágann go bhfuil an t-ábhar iomlán inchuardaithe rud nach raibh riamh. Tá an bailiúchán nua seo ar fáil ón lá inniu ag www.hiddenheritages.ai.
Is taisce luachmhar é an bailiúchán seo de scéalaíocht thraidisiúnta Ghaelach do thaighdeoirí agus d’aon duine ar breá leis scéal maith. Gheobhaidh tuismitheoirí ar mian leo seanscéalta a athbheochan le hinsint dá bpáistí ábhar anseo, agus le teacht an mheaisínaistriúcháin, níl na constaicí teanga chomh suntasach agus a bhí (tá scéalta Béarla sa bhailiúchán freisin). Ós rud é gur aicmíodh na seanscéalta seo de réir innéacs idirnáisiúnta Aarne–Thompson de chineálacha seanscéalta, is féidir scéalta cosúla a tháinig chun cinn fud fad na hÉireann agus na hAlban a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile. Má thógaimid, mar shampla, an scéal draíochta clasaiceach ‘The Gifts of the Little People’, feicimid samplaí de ar fud na hÉireann agus na hAlban, agus cé go bhféadfadh insint chruinn an scéil a bheith éagsúil ó áit go háit, feicimid eilimintí struchtúracha agus móitífeanna sna scéalta atá comhchosúil ag teacht chun cinn ar fud dhomhan labhartha na Gaeilge.
Cé nach bhfuil ach sampla amháin sa bhailiúchán de scéal faoi Cholm Cille as Éirinn, tá 32 sampla ann as Albain. Nach oiriúnach é! Ach tá i bhfad níos mó ann ná sin. Tá scéalta faoin diabhal, scéalta faoi mhuca agus ainmhithe ceathairchosacha eile, agus scéalta faoin bhfarraige, i measc rudaí eile. Anois, sin é mo scéal is má tá bréag ann, bíodh!
Is Ollamh Cúnta é an Dr Brian Ó Raghallaigh i Fiontar & Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Díríonn a chuid taighde ar an téarmeolaíocht, ainmeolaíocht agus béaloideas digiteach, chomh maith leis an an bhfoghraíocht agus an teicneolaíocht teanga. Is é atá mar Phríomh-Thaighdeoir ar thionscadal Bunachar Logainmneacha na hÉireann arna mhaoiniú ag Roinn na Gaeltachta agus mar Chomh-Phríomh-Thaighdeoir ar tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe arna mhaoiniú ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn.