Dea-scéal faoi mhaoiniú Gaois don tréimhse 2026-29
25 Samhain 2025
Bhí ócáid mhór cheiliúrtha againn in DCU maidin Dé hAoine an 21 Samhain nuair a d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, maoiniú de luach €4m do thionscadail Gaois sa tréimhse 4 bliana amach romhainn (2026–29).