Gairm ar pháipéir: Eagrán speisialta TEANGA faoin teangeolaíocht chorpais
13 Deireadh Fómhair 2025
Tugtar cuireadh do thaighdeoirí bunpháipéir neamhfhoilsithe (suas le 6,000 focal) agus tuairiscí ar thionscadail (suas le 2,000 focal) a aighniú chuig eagrán speisialta dátheangach de TEANGA, Iris Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí in Éirinn, ina bpléifear an teangeolaíocht chorpais agus an Ghaeilge.