Seanchas Chontae an Longfoirt
15 Meitheamh 2016
Tá a lán le foghlaim faoi nósanna agus faoi shaol mhuintir an Longfoirt ón réimse leathan scéalta a bailíodh sna 1930idí. Mar shampla, bhí an-bhaint ag an Longfort le himeachtaí Éirí Amach 1798. I mí Mheán Fómhair na bliana sin shocraigh an Ginearál Humbert go rachadh sé chun comhraic le fórsaí na Breataine i mBéal Átha na Muc i dtuaisceart an chontae, gar do Cho. Liatroma.