Gaois

Corpas Foclóireachta na Gaeilge

Thug Gaois faoi obair phíolótach i rith 2020-21 chun acmhainn nua corpais a chur ar fáil do thionscadal foclóireachta Fhoras na Gaeilge (agus d’úsáideoirí eile amach anseo). Ba é príomhsprioc na céime píolótaí seo corpais éagsúla a bhí tiomsaithe cheana ag Foras na Gaeilge, ag Gaois agus ag an Ollamh Kevin Scannell a thabhairt le chéile faoi chomhéadan inchuardaithe amháin.

De bharr shrianta cóipchirt, níl rochtain phoiblí ar an gCorpas Foclóireachta ar fáil faoi láthair.