Gaois

a chroí ina chloch agus a cheann ina cheo agus a aigne ina tulach ceárta

Fíornath

Ceannfhocail

aigne, ceann, ceárta, ceo, cloch, croí, tulach

Cur síos

Ceann duine curtha ar strae mar gheall ar dhobrón; meascán mearaí ar dhuine.

Samplaí corpais

  • "Dá ndéininn-se mo ghnó an lá úd leis an sgilling sin agus leis an dá cheann eile a bhí agam 'na teannta," ar seisean, "ní chuimhneóchainn riamh ar Mháire Ghearra, ná í orm. Ní chuirfinn aithne ar bhuairt an lae indiú.Ní bhéadh mo chroídhe 'na chloich agus mo cheann 'na cheó agus m' aigne 'na tulach cheardchan mar atá.

  • "Seachas í siúd!" arsa Séadna. "Ní cuimhin liom a leithéid. Cé r' bh' í féin? Cuir a h-ainim uirthi dhom. Cruinnigh do chaint. Cuir uait an fhánaidheacht." "An bhean a dhéin cloch de d' chroídhe agus ceó de d' cheann agus tulach ceardchan de t' aigne! An bhfuil san cruinn a dhóithin duit?" arsa 'n Fear Dubh.

Míniú breise

  • Cuir sí ar strae é – meascán mearaí air – couldn't think straight.
  • Cuir isteach go mór air i dtreo is ná féadfadh sé machnamh i gceart mar go raibh sé chomh corraithe sin.
  • A ceann a chur ar fán/strae.
  • Chuir sí a cheann ar strae.
  • An bhean a chuir mearbhall ort.

Samplaí breise