ar deargbhuile
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Bheith ar mire; an-fhearg a bheith ar dhuine.
Samplaí corpais
Agus go deimhin ní foláir duit féin a dh'admháil, má thuigean tú i n-aon chor cad é an saghas tu, gur ar dearg bhuile a bhíd siad agus bheith ag rith i ndiaidh do leithéid le grádh dhuit!
"Isé m' Athair é agus táim-se ag obair coitchianta mar aon lem' Athair." Chuir an méid sin ar dearg bhuile iad. Ba ró mhian leó é mharbhú.
Bhí an fuath marbhuightheach acu dhó féin agus d'á theaghlach go léir. Níor stadadar ach ag gríosadh na ndaoine 'n-a choinnibh. Fé dheire bhí an gríosadh déanta chómh maith san acu go raibh an pobul go léir ar dearg bhuile chuige!
Úsáid
Cuireann 'dearg' béim bhreise ar an nath.
Crostagairtí
Samplaí breise
Stark madness. Bheith ar, le, deargbhuile, to be raging mad. Chuir siad ar deargbhuile é, they drove him frantic. Bhí sé ar deargbhuile liom, he was furious with me.
To be furious with someone, bheith ar deargbhuile le duine.