ó Shamhain go Bealtaine
FíornathCeannfhocail
Cur síos
Tréimhse fhada.
Samplaí corpais
"Is fada go dtánaís," arsa Diarmuid. "Isé an cleamhnas ó Shamhain go Bealtaine agat é. Bhéadh leath na dúithe pósda an fhaid atáir ag gabháil dó."
Isé an t-ólachán ó Shamhuin go Bealtaine againn é, agus isé an t-ólachán ó Shamhuin go Bealtaine é ag daoine nách sinn.
Crostagairtí
Samplaí breise
Is é an gnó ó Shamhain go Bealltheine é = Gnó go mbeithfí tamall mór a' gabháil do a's go bhféadfí é dhéanamh i mbeagán aimsire.
2. Narrative; tale, anecdote. Scéal an chaipín deirg, an ghamhna bhuí, mhadra na n-ocht gcos; scéal ó Shamhain go Bealtaine, long-drawn-out story, rambling tale.
Tá sé 'na Sgéal an Chaipín Deirg. Adéarfaí é le sgéal fada leadaránach, gan bun gan bárr; Sgéal Madra na n-Ocht gCos; Sgéal ó Shamhain go Bealtaine.
I. 1. A very long story, scéal ó Shamhain go Bealtaine.
22. Scéal ó Shamhain go Bealtaine. Scéal fada fánach leadránach. Um Shamhain is ea a thosaíodh na scoraíochtaí i dtithe comharsan sa tseanaimsir agus d'insítí scéalta cois tine gach aon oíche le linn na n-oícheanta fada ó Shamhain go Bealtaine; b'fhada liosta leadránach tuirsiúil an scéal a bheadh á insint ó Shamhain go Bealtaine nuair a thagadh an aimsir bhreá arís agus na laethanta fada chun coisíochta in ionad a bheith istigh i dtithe ag scoraíocht.
Scéal ó Shamhain go Bealtaine: scéal fada leadránach.